Céard is Coimisiún na Meán ann?

Is é Coimisiún na Meán rialtóir na meán in Éirinn. Táimid freagrach as ucht meáin atá faoi bhláth, éagsúil, cruthaitheach, sábháilte agus iontaofa a fhorbairt agus a rialáil. Fágann sé seo go gcinntíonn an Coimisiún go bhfuil meascán de ghuthanna, de thuairimí agus d’fhoinsí éagsúla nuachta sna meáin in Éirinn, lena n-áirítear raidió, teilifís agus ar líne.

Is é post an Choimisiúin freisin a sheiceáil go mbíonn craoltóirí, soláthraithe físeáin ar éileamh agus ardáin ar líne ag leanúint na rialacha agus na gcód atá leagtha síos dóibh. Mura mbíonn, is féidir leat é seo a thuairisciú do Choimisiún na Meán.

Cé na craoltóirí, na soláthraithe físeáin ar éileamh agus na hardáin ar líne a bhfuil tú ag caint fúthu?

Craoltóirí 

Tagraíonn craoladh d’ábhar amhail cláir ar an teilifís nó ar an raidió. Ina measc seo tá craoltóirí meán seirbhíse poiblí (teilifís agus raidió) in Éirinn (RTÉ, TG4) agus seirbhísí neamhspleácha craolacháin (m.sh. Virgin TV nó Spin FM).  

Físeán ar éileamh  

Le seirbhísí físeáin ar éileamh is féidir leis an lucht féachana breathnú ar chláir aon uair is maith leo, mar shampla Apple TV nó RTÉ Player. 

Ardáin ar Líne

Rialaíonn an Coimisiún ardáin ar líne atá bunaithe in Éirinn. Tá Creat Sábháilteachta Ar Líne ag an gCoimisiún atá comhdhéanta de thrí dhlí a chuireann ar chumas an Choimisiúin an post seo a dhéanamh. Is iad sin an tAcht um Sheirbhísí Digiteacha (DSA), an tAcht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus Meán, lenar cruthaíodh an Cód ceangailteach Sábháilteachta ar Líne (OSC), agus Rialachán an AE maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne (TCOR).  

  • Faoin DSA, rialaíonn an Coimisiún ISPanna (soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha), ach VLOPanna (ardáin an-mhór ar líne) agus VLOSEnna (innill chuardaigh an-mhór ar líne) freisin. Tá forluí idir na hardáin seo ar líne.  
  • Faoin OSC, rialaíonn an Coimisiún ardáin comhroinnte físeán atá lonnaithe in Éirinn amhail X, Instagram, Facebook, Pinterest, Udemy, LinkedIn, Reddit, TikTok, Tumblr agus YouTube. 
  • Faoin TCOR, rialaíonn an Coimisiún Soláthraithe Seirbhísí Óstála (HSPanna) atá lonnaithe in Éirinn. Léiríonn an ghrafaic chabhrach thíos é seo.

Céard iad na rialacha agus na cóid a bhfuil tú ag caint fúthu? 

Scríobhann agus foilsíonn an Coimisiún roinnt rialacha agus cód. Scríobhtar na cóid seo le cabhair ó aighneachtaí ón bpobal. 

Seo a leanas cuid acu:

  • Craoltóireacht: Rialacha Rochtana:Cinntíonn na rialacha seo inrochtaineacht seirbhísí do gach úsáideoir agus leagann siad amach an méid fotheidealaithe, Teanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL) agus cur síos fuaime nach mór do chraoltóirí teilifíse na hÉireann a sholáthar chun an méid tuisceana agus taitnimh a bhaintear as an teilifís a mhéadú i gcás daoine atá bodhar, a bhfuil allaíre orthu, atá breacamharcach nó atá dall 
  • Craolachán: Cód na bPáistí maidir le Cumarsáid Tráchtála: Pléann na rialacha seo le fógraíocht, urraíocht agus suíomh táirgí atá dírithe ar pháistí agus a chraoltar timpeall ar chláir do pháistí. Mar shampla, tá rialacha aige faoi bhia ar mhórán saille, siúcra nó salainn a chur chun cinn do leanaí 
  • Craolachán: An Cód maidir le Cothroime, Oibiachtúlacht agus Neamhchlaontacht: Cinntíonn na rialacha seo go seachadtar nuacht agus cúrsaí reatha in Éirinn ar bhealach cothrom neamhchlaonta. Má bhraitheann tú go bhfuil a dtuairim féin á tabhairt ag láithreoirí nó go bhfuil siad ag cur faisnéise i láthair ar bhealach claonta, is féidir leat gearán a dhéanamh le Coimisiún na Meán.
  • Cód Sábháilteachta Ar Líne: Cuireann an cód ceangailteach seo oibleagáid ar ardáin comhroinnte físeán in Éirinn athruithe a dhéanamh chun an t-ábhar díobhálach agus mídhleathach a d’fhéadfadh úsáideoir a fheiceáil ar ardáin comhroinnte físeán a laghdú. Tugann an cód seo breac-chuntas ar céard is ábhar díobhálach ar líne ann. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi seo, féach ar Céard is ábhar mídhleathach ann? Chun faisnéis níos mionsonraithe a fháil féach leathanach Chreat Sábháilteachta Ar Líne an Choimisiúin. Is féidir leat ár gCeisteanna Coitianta do scoláirí a léamh freisin maidir leis an méid is féidir leat agus nach féidir leat a thuairisciú do Choimisiún na Meán.

Céard a tharlaíonn má bhriseann craoltóirí, soláthraithe físeáin ar éileamh nó ardáin ar líne na rialacha? 

  • Maidir le hábhar craolacháin nó físeáin ar éileamh, ba cheart duit gearán a dhéanamh leis an gcraoltóir ar dtús agus a rá cén cód nó riail a cheapann tú atá briste aige.
  • Maidir le hábhar ar líne, má fheiceann tú ábhar díobhálach nó mídhleathach, ba cheart duit é a thuairisciú i gcónaí don ardán ar a bhfaca tú den chéad uair é. Mura mbaineann ardáin ar líne an t-ábhar mídhleathach anuas nó mura dtugann siad freagra tráthúil duit agus na cúiseanna nach bhfuil sé á bhaint acu á dtabhairt duit, is féidir leat é seo a thuairisciú do Choimisiún na Meán. Ba cheart d’ardáin ar líne tú a cheadú achomharc a dhéanamh in aghaidh a gcinnidh freisin. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi do chearta ar líne, féach ar an gcuid ‘Mo chearta‘. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an ionad comhairle ag Coimisiún na Meán ach glaoch a chur ar 01-9637755 nó ríomhphost a sheoladh chuig [email protected].  

An féidir liom teacht chuig an gCoimisiún má bhíonn fadhb agam ar líne?  

Is féidir, ach tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil sé de chumhacht ag Coimisiún na Meán ábhar gáirsiúil nó ábhar a ghoilleann ar dhaoine a thógáil anuas láithreach nó iallach a chur ar ardán ábhar den sórt sin a bhaint den idirlíon. Tá sé de dhualgas ar an gCoimisiún a chinntiú go bhfuil ardáin ar líne ag cloí leis na rialacha agus go bhfuil feidhmeanna tuairiscithe éifeachtacha acu. Cuidíonn gach tuairisc nó ceist a fhaigheann an Coimisiún leis obair níos fearr a dhéanamh. 
Mar shampla, dá mhéad atá ar eolas ag an gCoimisiún maidir le cé chomh héasca (nó deacair) is atá sé tuairisc a thabhairt ar ardáin éagsúla agus cé chomh héifeachtach is atá na meicníochtaí tuairiscithe seo, is ea is fearr is féidir leis a chuid oibre a dhéanamh chun maoirseacht a dhéanamh ar na hardáin.

Bíonn cruinnithe rialta ag an gCoimisiún le hardáin éagsúla bunaithe ar thuairiscí a fhaigheann sé ón bpobal. Cé go mb’fhéidir nach mbeidh an Coimisiún in ann cásanna aonair a réiteach nó ábhar a thógáil anuas dóibh, má dhéanaimid go léir ár gcion maidir le hábhar díobhálach agus mídhleathach a fheicimid a thuairisciú agus a chur in iúl don Choimisiún dá bhféadfaí na rialacha a bheith á mbriseadh ag ardáin, is féidir leis an gCoimisiún oibriú níos éifeachtaí i dtreo áit níos fearr a dhéanamh den idirlíon do gach duine.  

An ndéanann an Coimisiún aon rud eile? 

  • Tá freagracht shuntasach ar Choimisiún na Meán maidir le tacú le forbairt na meán in Éirinn. Tá scéimeanna maoinithe éagsúla againn, lena n-áirítear an scéim Fuaime agus Físe ar féidir le gairmithe meán iarratas a dhéanamh orthu chun airgead a fháil do thionscadail éagsúla meán a d’fhéadfadh a bheith acu. 
  • Tá baint ag an gCoimisiún freisin maidir le tacú le hoiliúint do thionscal na meán. Cruthaíonn an Coimisiún treoirlínte amhail an Straitéis um Inscne, Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht chun a chinntiú gur áit ionchuimsitheach agus éagsúil iad na meáin in Éirinn.
  • Déanann an Coimisiún seirbhísí craolacháin a fheidhmíonn in Éirinn agus cuid acu a fheidhmíonn thar lear freisin a cheadúnú. Rialaíonn an Coimisiún na seirbhísí seo freisin chun a chinntiú go ndéanann siad an méid atá geallta acu a dhéanamh agus go mbíonn siad ag cloí leis na rialacha.