Cuir gearán isteach chuig an gCoimisiún

Is féidir leat do ghearán a dhéanamh leis an gCoimisiún más rud é go ndearna tú an gearán leis an gcraoltóir nó leis an soláthraí físeáin ar éileamh ábhartha ar an gcéad ásc agus: 

  • go gcreideann tú nár tugadh aghaidh shásúil leis an bhfreagra ón gcraoltóir/ón soláthraí físeáin ar éileamh ar an sárú líomhnaithe ar chaighdeáin i do ghearán; nó  
  • nach bhfuair tú freagra ón gcraoltóir/ón soláthraí físeáin ar éileamh laistigh den chreat ama chun freagra a thabhairt ar ghearáin sa Chód Cleachtais maidir le Gearáin a Láimhseáil de chuid an chraoltóra/an tsoláthraí físeáin ar éileamh (20 lá oibre go ginearálta).

Is féidir go mbeidh imthosca ann inarb amhlaidh gurbh fhearr leat do ghearán a dhéanamh go díreach leis an gCoimisiún nó ina measann an Coimisiún go bhfuil cúiseanna ann le gearán a ghlacadh go díreach.  Is iad na cásanna ina bhféadfaidh sin a bheith amhail, más rud é: 

  • gur de chineál íogair an gearán agus/nó go mbaineann sé le príobháideachas gearánaigh;
  • go meastar go bhfuil riosca díobhála ann de dheasca infhaighteacht leanúnach an ábhair faoina ndéantar gearán.
  • nach bhfuil Cód Cleachtais maidir le Gearáin a Láimhseáil i bhfeidhm ag an gcraoltóir ná an soláthraí físeáin ar éileamh; nó

Má dhéanann tú do ghearán go díreach leis an gCoimisiún, soláthair do chúiseanna leis sin a dhéanamh i scríbhinn. 

Moltar duit go bhféadfaidh an Coimisiún a chinneadh níos déanaí do ghearán a chur faoi bhráid craoltóra nó soláthraí físeáin ar éileamh lena láimhseáil faoina Chód Cleachtais maidir le Gearáin a Láimhseáil.

Cá mhéad ama atá agam chun gearán a dhéanamh le Coimisiún na Meán?

Má tá do ghearán á chur faoi bhráid an Choimisiúin agat tar éis duit do ghearán a dhéanamh leis an gcraoltóir nó leis an soláthraí físeáin ar éileamh ábhartha ar an gcéad ásc, tá 14 lá agat ón dáta a fuair tú an freagra ón gcraoltóir/ón soláthraí físeáin ar éileamh nó ón tráth a raibh coinne agat leis an bhfreagra a fháil, mura bhfuair tú ceann. 

Má chuir tú isteach do ghearán tar éis an chreata ama 14 lá a leagtar amach thuas, soláthair do chúiseanna leis an moill. Breithneoidh an Coimisiún do chúiseanna agus féadfaidh sé a chinneadh gan glacadh leis an ngearán má mheasann sé go raibh moill mhíréasúnach ann agus an gearán á dhéanamh.

Má tá do ghearán á dhéanamh agat go díreach linn, ní mór duit do ghearán a dhéanamh i scríbhinn agus a chur isteach laistigh de na creataí ama seo a leanas: 

  • Má bhaineann an gearán le craoladh amháin, tráth nach déanaí ná 30 lá ó dháta an chraolta.
  • Má bhaineann an gearán le dhá chraoladh neamhghaolmhara nó níos mó, tráth nach déanaí ná 30 lá ó dháta an chraolta is luaithe díobh sin. 
  • Má bhaineann an gearán le dhá nó níos mó craoladh neamhghaolmhara eile (a ndearnadh ar a laghad dhá cheann díobh ar dhátaí éagsúla), tráth nach déanaí ná 30 lá ó dháta an chraolta is déanaí díobh sin.  
  • Má bhaineann an gearán le hábhar cláir a cuireadh ar fáil ar sheirbhís físeáin ar éileamh, tráth nach déanaí ná 30 lá ón dáta a scoir an t‑ábhar cláir de bheith ar fáil ar an tseirbhís sin.

Cad é is gá dom a áireamh i mo ghearán le Coimisiún na Meán?

Ní mór duit do ghearán a dhéanamh i scríbhinn linn agus ní mór d’ainm, d’uimhir theileafóin agus do sheoladh ríomhphoist/poist a chur san áireamh ann.  De ghnáth, ba cheart duit an fhaisnéis seo a leanas a áireamh, de réir chineál an ghearáin:

I gcás ina mbaineann gearán le caighdeáin ábhair i ngach ábhar a bhaineann le cláir, nuacht agus cúrsaí reatha nó tráchtáil:

  • teideal nó teidil an ábhair cláir; 
  • ainm na seirbhíse craolacháin nó na seirbhíse físeáin ar éileamh; 
  • an dáta nó na dátaí agus an t‑am nó na hamanna a chraol an craoltóir an clár nó an dáta a fuarthas rochtain air ón soláthraí físeáin ar éileamh;    
  • i gcás inar féidir, na caighdeáin reachtúla agus/nó rialála a chreideann tú nár comhlíonadh;
  • do chúiseanna lena chreidiúint nár comhlíonadh caighdeáin ábhartha leis an ábhar cláir; agus
  • más infheidhme, cóip de chomhfhreagras ábhartha idir tú féin agus an craoltóir/an soláthraí físeáin ar éileamh. 

Déan gearán le Coimisiún na Meán

Líon isteach an fhoirm ar líne thíos chun do ghearán a chur isteach.

De rogha air sin, is féidir leat do ghearán a chur chuig:
Coimisiún na Meán,
1 Foirgnimh Shíol Bhroin,
Bóthar Shíol Bhroin,
Baile Átha Cliath 4,
DO4 NP20 

Má bhíonn comhairle nó cúnamh uait chun do ghearán a dhéanamh, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag: + 353 1 963 7755 nó [email protected].