An Cód maidir le Cumarsáid Tráchtála do Leanaí
Leagtar amach sa Chód maidir le Cumarsáid Tráchtála do Leanaí rialacha breise a bhfuil feidhm acu maidir le cumarsáid tráchtála atá dírithe ar leanaí, agus tá sé dírithe ar lucht féachana faoi bhun 18 mbliana d’aois a chosaint.
Foráiltear leis go mbeidh feidhm ag caighdeáin maidir le cumarsáid tráchtála atá dírithe ar leanaí, chomh maith le rialacha spriocdhírithe a bhfuil feidhm acu maidir le táirgí sonracha, amhail bianna ina bhfuil leibhéal ard saille, salainn agus siúcra.