Rialacha maidir le Fógraíocht, Teilishiopadóireacht, Sláine Comhartha & Faisnéis

Socraíonn an Cód & na Rialacha Seirbhíse Meán (Fógraíocht, Teilishiopadóireacht, Sláine Comhartha & Faisnéis) an teorainn ar leibhéal na fógraíochta agus na teilishiopadóireachta a d’fhéadfadh a bheith ag craoltóir teilifíse mar chuid dá sheirbhís, chomh maith le foráil a dhéanamh d’oibleagáidí trédhearcachta maidir le cumarsáid tráchtála.

I measc na n-ábhar eile a dtugtar aghaidh orthu tá oibleagáidí faisnéis áirithe a chur ar fáil don phobal, chomh maith le ceanglais a bhaineann le sláine comhartha.

Cód agus Rialacha Seirbhíse Meán
Craoltóirí Teilifíse