Reachtaíocht

Tá réimse leathan cumhachtaí agus freagrachtaí ag Coimisiún na Meán atá sainithe ag an reachtaíocht. Is í an reachtaíocht phríomha sa réimse seo ná an tAcht Craolacháin, 2009, arna leasú.

An tAcht Craolacháin
2009

An tAcht um Rialáil Sábháilteachta
ar Líne agus na Meán

Craoltóireacht agus físeán ar éileamh

Ceann de na feidhmeanna tábhachtacha atá againn is ea cóid, rialacha agus caighdeáin a fhorbairt don chraoltóireacht agus d’fhíseán ar éileamh. Tá na rialacháin seo á dtreorú ag codanna tábhachtacha den Acht Craolacháin, 2009 arna leasú.

Tá sé d’oibleagáid ar gach seirbhís craolacháin agus físeáin ar éileamh na dualgais a leagtar síos faoi alt 3B den Acht [ailt 46 (j) — (m)] a chomhlíonadh. Baineann na dualgais seo le nuacht agus cúrsaí reatha, príobháideacht, fógraíocht, díobháil, agus cion míchuí, i measc nithe eile. I dteannta na ndualgas sin, tugtar de chumhacht do Choimisiún na Meán le hailt 46N agus 46M den Acht cóid seirbhíse meán agus rialacha seirbhíse meán a fhorbairt.  Tá na forálacha dlíthiúla sin mar bhonn agus mar thaca ag ár gcóid agus rialacha foilsithe maidir le craoladh agus físeán ar éileamh. Pléann na cóid agus na rialacha sin le cumarsáid tráchtála, teorainneacha fógraíochta laethúla agus in aghaidh na huaire, ábhar eagarthóireachta (lena n-áirítear ábhair a bhaineann le nuacht agus cúrsaí reatha, díobháil agus cion míchuí), inrochtaineacht seirbhísí teilifíse agus físeáin ar éileamh agus úsáid sleachta gearra nuachta. 

De bhun Ailt 46N(10) agus 46O(11) den Acht, beidh mainneachtain ag craoltóir nó ag soláthraí físeáin ar éileamh cód seirbhíse meán nó riail seirbhíse meán a chomhlíonadh ina shárú chun críocha Chuid 8B den Acht. Forbraíodh na cóid agus na rialacha seo de réir alt 46Q den Acht. 

Ardáin comhroinnte físeán

I gcás seirbhísí ardáin comhroinnte físeán, féadfaimid cóid sábháilteachta ar líne a dhéanamh de réir alt 139K den Acht. Tá forbairt déanta ar ár gCód Sábháilteachta ar Líne de réir na forála seo. Forbraíodh an Cód i gcomhréir le halt 139N den Acht.

Tá feidhm ag an gCód, de réir alt 139L den Acht, maidir le seirbhísí ardáin comhroinnte físeán mar chatagóir seirbhísí a gcuirfear an Cód i bhfeidhm maidir leo agus maidir le seirbhís ardáin comhroinnte físeán aonair ainmnithe. Rinneadh clár de sheirbhísí ardáin comhroinnte físeán, arna ainmniú ag Coimisiún na Meán ag an tráth seo agus a mbeidh feidhm ag an gCód maidir leo, a fhorbairt de bhun alt 139J den Acht. De bhun Alt 139Q den Acht, beidh mainneachtain ag seirbhís ardáin comhroinnte físeán an Cód a chomhlíonadh ina shárú chun críocha Chuid 8B den Acht. 

Ar leithligh, tá ábhar treorach maidir le sábháilteacht ar líne forbartha agus foilsithe ag Coimisiún na Meán de bhun alt 139Z den Acht.