An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha

Is reachtaíocht uile-Aontais é an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) lena rialaítear seirbhísí ar líne. Áirítear orthu sin margaí, líonraí sóisialta, aipmhargaí, agus ardáin taistil agus chóiríochta ar líne.

Ceanglaíonn sé ar na seirbhísí ar líne seo bearta a dhéanamh chun an t-idirlíon a dhéanamh níos sábháilte d’úsáideoirí trí aghaidh a thabhairt ar ábhar díobhálach nó mídhleathach ar a suíomhanna. Leis an reachtaíocht nua sin, tabharfar isteach rialacha lena dtabharfar cosaint chomhionann do gach úsáideoir san Aontas (lena n-áirítear Éire) maidir le hearraí, ábhar nó seirbhísí mídhleathacha, agus maidir lena gcearta bunúsacha ar líne.

Déanann údaráis náisiúnta arna n-ainmniú ag Ballstáit an Aontais monatóireacht agus forfheidhmiú ar chur chun feidhme an DSA. Tugtar Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha orthu sin. Is é Coimisiún na Meán an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha (DSC) ainmnithe in Éirinn. 

Faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, ceanglaítear ar sholáthraithe ardán ar líne a bhfuil rochtain ag mionaoisigh orthu bearta iomchuí a chur i bhfeidhm chun ardleibhéal príobháideachais, sábháilteachta agus slándála a chinntiú do mhionaoisigh ar a seirbhís. Cuireann an DSA toirmeasc freisin ar fhógraíocht spriocdhírithe do mhionaoisigh bunaithe ar phróifíliú trí úsáid a bhaint as sonraí pearsanta úsáideoirí a seirbhísí, nuair is féidir leo a shuíomh le cinnteacht réasúnta gur mionaoiseach é nó í faighteoir na seirbhíse.