Cé leis a mbaineann sé?
Tá oibleagáidí nua i bhfeidhm anois do ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí digiteacha. Tá faisnéis leagtha amach againn a chabhróidh leat a chinneadh cá bhfuil do ghnólacht faoi chuimsiú na bhfreagrachtaí agus na n-oibleagáidí a chruthaítear leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA).
Tá feidhm ag an DSA maidir le raon leathan seirbhísí a sholáthraítear ar líne, ar a dtugtar ‘seirbhísí idirghabhálacha’, lena n-áirítear margaí ar líne, na meáin shóisialta agus ardáin comhroinnte ábhair, aipmhargaí, agus ardáin taistil agus chóiríochta ar líne do sholáthraithe seirbhíse idirlín agus do líonraí seachadta ábhair.
Déan an tráth na gceist
Soláthraithe Seirbhísí Idirghabhálacha (ISPanna) — Sainmhínithe catagóire
Seirbhís cainéil fhóraigh
Is éard atá ann ná tarchur i líonra cumarsáide ar fhaisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, nó rochtain a sholáthar ar líonra cumarsáide.
- Samplaí: soláthraithe seirbhísí idirlín; seirbhísí teachtaireachtaí díreacha; líonraí príobháideacha fíorúla; córais ainmneacha fearainn; prótacal idirlín guthaithe; clárlanna ainmneacha fearainn barrleibhéil.
Seirbhís thaiscthe
Is éard atá ann ná tarchur i líonra cumarsáide ar fhaisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, lena mbaineann stóráil uathoibríoch, idirmheánach agus shealadach na faisnéise sin, arna dhéanamh chun tarchur ar aghaidh chuig faighteoirí eile a dhéanamh níos éifeachtúla arna iarraidh sin dóibh, agus chun na críche sin amháin.
- Samplaí: líonraí seachadta ábhair; seachfhreastalaithe oiriúnaithe ábhair nó seachfhreastalaithe droim ar ais.
Seirbhís óstála
Stóráil faisnéise arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, agus arna iarraidh sin d’fhaighteoir na seirbhíse.
- Samplaí: soláthraithe néalseirbhísí; margaí ar líne; na meáin shóisialta; aipmhargaí; ardáin taistil agus chóiríochta.
Catagóirí Soláthraithe Seirbhíse Idirghabhálacha
Catagóir 1: Soláthraithe Seirbhísí Idirghabhálacha
Baineann sé le heagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí arb é atá iontu seirbhís ‘cainéil fhóraigh’, seirbhís ‘thaiscthe’ nó seirbhís ‘óstála’. Is fothacair de Chatagóir 1 seo iad Catagóirí 2-4.
Catagóir 2: Soláthraithe Seirbhísí Óstála
Is soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha iad seirbhísí óstála a stórálann faisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, agus arna iarraidh sin d’fhaighteoir na seirbhíse.
Catagóir 3: Ardáin ar Líne
Is éard is ‘Ardáin ar Líne’ ann seirbhísí óstála a stórálann agus a scaipeann faisnéis ar an bpobal, arna iarraidh sin d’fhaighteoir na seirbhíse (mura mionghné agus gné choimhdeach amháin de sheirbhís eile nó mionfheidhmiúlacht de chuid na príomhsheirbhíse atá sa ghníomhaíocht sin agus, ar chúiseanna teicniúla agus oibiachtúla, nach féidir a úsáid gan an tseirbhís eile sin, agus nach bealach é comhtháthú na gné nó na feidhmiúlachta sin sa tseirbhís eile le dul timpeall ar infheidhmeacht an DSA).
Catagóir 4: Ardáin an-mhór ar Líne agus Innill Chuardaigh an-mhór ar Líne
Ardáin an-mhór ar Líne (VLOPanna): Is ardáin ar líne iad VLOPanna a bhfuil 45 milliún nó níos mó d’fhaighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse acu san Aontas (arb ionann iad agus 10% de dhaonra an Aontais).
Innill Chuardaigh an-mhór ar Líne (VLOSEnna): Is innill chuardaigh iad VLOSEnna a bhfuil 45 milliún nó níos mó d’fhaighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse acu san Aontas (arb ionann iad agus 10% de dhaonra an Aontais).
Cur i bhfeidhm na rialacha
Tá feidhm ag rialacha an DSA maidir le gach Soláthraí Seirbhísí Idirghabhálacha (ISPanna) a chuireann a gcuid seirbhísí ar fáil sa Mhargadh Aonair Eorpach, bíodh siad lonnaithe san Aontas nó lasmuigh de.
Scriostóir Béarlagair
ISP: soláthraí seirbhíse idirlín vs soláthraí seirbhíse idirghabhála
Soláthraí seirbhíse idirlín:
eagraíocht a sholáthraíonn seirbhísí idirlín e.g. Eir, Vodafone
Soláthraí seirbhíse idirghabhála:
soláthraí seirbhísí ar líne, ar a dtugtar ‘seirbhísí idirghabhálacha’ e.g. margaí ar líne, na meáin shóisialta agus ardáin comhroinnte ábhair, aipmhargaí, agus ardáin taistil agus chóiríochta ar líne