An tAcht Craolacháin, 2009
Rialaíonn an tAcht Craolacháin, 2009 raon leathan ábhar, lena n-áirítear rialáil, saincheisteanna a bhaineann le craoltóirí seirbhíse poiblí, forbairt na meán, agus maoiniú poiblí.
Socraíonn sé an creat rialála don chraoltóireacht, don chlosamharc ar éileamh agus don tsábháilteacht ar líne in Éirinn, agus rinne sé foráil roimhe seo do bhunú réamhtheachtaí Choimisiún na Meán, Údarás Craolacháin na hÉireann.
Leasaíodh an tAcht leis an Acht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022.