Teilifís, raidió & físeán ar éileamh

Tá Coimisiún na Meán freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar rialáil na seirbhísí craolacháin agus físeáin ar éileamh in Éirinn.

Táimid tiomanta a chinntiú go mbeidh rochtain ag lucht féachana agus lucht éisteachta in Éirinn ar sheirbhísí, cláir agus peirspictíochtaí éagsúla a fhreastalaíonn ar a gcuid riachtanas agus a léiríonn a n-éagsúlacht. Spreagaimid agus tacaímid go gníomhach le craoltóirí na hÉireann an cuspóir seo a bhaint amach, toisc go bhfuil dearcthaí éagsúla ríthábhachtach do thírdhreach craolacháin bríomhar.

Craoltóireacht

Is meascán de sheirbhísí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla atá i dtírdhreach reatha raidió agus teilifíse na hÉireann. Is féidir leo seo a bheith ina seirbhísí poiblí, tráchtála nó pobail, agus cuireann siad ábhar éagsúil ar fáil.

I measc ár bhfeidhmeanna rialála craolacháin tá:

1. Rialáil na Meán Seirbhíse Poiblí

Tá freagracht fhoriomlán orainn as craoltóirí seirbhíse poiblí na hÉireann a rialáil. Is eagraíochtaí meán iad na Meáin Seirbhíse Poiblí atá faoi úinéireacht phoiblí agus a mhaoinítear go poiblí agus a sholáthraíonn ábhar a bhaineann le riachtanais dhaonlathacha, shóisialta agus chultúrtha shochaí na hÉireann atá saor ag pointe an tomhaltais.

2. Seirbhísí craolacháin a cheadúnú

Táimid freagrach as seirbhísí neamhspleácha raidió agus teilifíse a cheadúnú, chomh maith leis na seirbhísí sin a sholáthraíonn RTÉ, TG4 agus Cainéal Thithe an Oireachtais.

Is é an príomhchuspóir ceadúnúcháin atá againn ná a chinntiú go bhfuil seirbhísí craolacháin sa Stát cuimsitheach agus iolraíoch, agus gur fearr a fhreastalaíonn siad ar riachtanais mhuintir oileán na hÉireann. Cuirtear san áireamh leis sin éagsúlacht na dteangacha, na taithí agus na dtraidisiún, agus féiniúlachtaí reiligiúnacha, eitneacha agus cultúrtha in Éirinn sa lá atá inniu ann.

Déanaimid monatóireacht ar chomhlíonadh na gcraoltóirí le téarmaí a gconarthaí craolacháin agus a gCód agus a Rialacha.  Áirítear leis sin iniúchtaí/athbhreithnithe comhlíontachta a dhéanamh agus éisteacht le hábhar craolta agus/nó féachaint air agus gearáin ó lucht féachana.

3. Gearáin ón lucht féachana agus ón lucht éisteachta a láimhseáil

Má tá imní ort faoi rud éigin a chonaic tú nó a chuala tú ar sheirbhísí craolacháin poiblí nó neamhspleácha nó ar fhíseán ar éileamh, téigh chuig ár rannán maidir le Tuiairisc & Gearán a Dhéanamh

4. Forbairt Cód & Rialacha

Forbraímid Cóid & Rialacha chun caighdeáin agus cleachtais craoltóirí agus ardáin físeáin ar éileamh atá lonnaithe in Éirinn a rialú.

Cumhdaíonn na cóid agus na rialacha raon leathan ábhar, lena n-áirítear cothroime, oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht i dtuairisciú nuachta, rialacha maidir le fógraíocht agus urraíocht, an lucht féachana agus éisteacha a chosaint ar ábhar díobhálach, agus a chinntiú go bhfuil rochtain ag an bpobal ar na seirbhísí meán atá á soláthar.

Físeán ar éileamh

Tá Coimisiún na Meán freagrach as seirbhísí closamhairc meán ar éileamh (físeán ar éileamh) a rialáil i gcás ina bhfuil soláthraithe na seirbhísí lonnaithe in Éirinn. Tagraíonn físeán ar éileamh d’ábhar físe ar féidir leis an mbreathnóir é a roghnú ó chatalóg clár a chuireann na soláthraithe seirbhíse ar fáil le féachaint orthu ag am a roghnaíonn siad.