Teilifís

Tá cineálacha éagsúla seirbhísí teilifíse ag feidhmiú in Éirinn.

Is féidir iad seo a mhiondealú ina seirbhísí Meán Seirbhíse Poiblí, Seirbhísí Neamhspleácha agus Pobail. 

Seirbhísí teilifíse Meán Seirbhíse Poiblí

Tá freagracht fhoriomlán orainn as seirbhísí teilifíse Meán Seirbhíse Poiblí na hÉireann a rialáil. Is iad sin: 

Stáisiúin teilifíse RTÉ

  • RTÉ One: Nuacht, cúrsaí reatha, drámaíocht, cláir faisnéise, fhíorasacha agus shiamsaíochta.
    • RTÉ One HD 
    • RTÉ One +1 
  • RTÉ2:  Cláir fhíorasacha, shiamsaíochta, ghrinn, spóirt, faisnéise agus drámaíochta do dhaoine óga na hÉireann. 
    • RTÉ2 HD 
    • RTÉ2 +1 
  • RTÉjr: Ábhar bunaidh agus cláir a fuarthas do leanaí óga.
  • Nuacht RTÉ: Nuacht agus cúrsaí reatha 24 uair an chloig.

Stáisiúin teilifíse TG4

  • TG4: Príomhchainéal Gaeilge a chuireann nuacht, cúrsaí reatha, drámaíocht, cláir faisnéise, fhíorasacha agus shiamsaíochta ar fáil. 
    • TG4 HD 
    • TG4 +1 
  • Cúla4: Clár do leanaí i nGaeilge.

Cainéal Thithe an Oireachtais

  • Teilifís an Oireachtais:Imeachtaí ón Dáil, ón Seanad agus ó Choistí.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na seirbhísí, féach suíomhanna gréasáin RTÉ, TG4 agus Thithe an Oireachtais.

Seirbhís teilifíse náisiúnta neamhspleách

Feidhmíonn Coimisiún na Meán an próiseas ceadúnúcháin chun conradh seirbhíse clár teilifíse a bhronnadh chun tarchur seirbhíse náisiúnta teilifíse saor go haer a éascú. Tá dualgais reachtúla ar an tseirbhís seo maidir le hábhar cultúrtha, nuachta agus cúrsaí reatha a idirdhealaíonn í ó sheirbhísí teilifíse eile. Bronnadh an conradh seirbhíse clár teilifíse reatha ar Virgin Media Television Limited i mí Iúil 2023.

Seirbhísí teilifíse digiteacha

Feidhmíonn Coimisiún na Meán próiseas ceadúnúcháin oscailte freisin le haghaidh seirbhísí breise teilifíse tráchtála a chuirtear ar fáil ar ardáin dhigiteacha, satailíte agus chábla.  Soláthraíonn na seirbhísí seo meascán d’ábhar siamsaíochta, nuachta, cúrsaí reatha agus spóirt agus áirítear leo Virgin Media Three, Virgin Media Four, Premier Sports, agus raon leathan cainéal arna n-oibriú ag Warner Bros. Discovery Group.

Seirbhísí teilifíse pobail

Feidhmíonn Coimisiún na Meán an próiseas ceadúnúcháin do sheirbhísí teilifíse ábhair phobail. Tá dhá sheirbhís ar an aer faoi láthair, DCTV i mBaile Átha Cliath agus CCTV i gCorcaigh. Ní mór do sheirbhísí teilifíse pobail freastal ar leasanna an phobail lena mbaineann, agus leas sóisialta a chur ar fáil don phobal sin, agus tá siad faoi úinéireacht agus á n-oibriú ag daoine den phobal sin.  

Tuilleadh eolais