Creat Sábháilteachta Ar Líne
Tá Coimisiún na Meán freagrach as Creat Sábháilteachta ar Líne na hÉireann. Fágann an creat sin go bhfuil seirbhísí digiteacha cuntasach as an gcaoi a gcosnaíonn siad daoine, go háirithe leanaí, ar dhíobháil ar líne.
Tá trí phíosa éagsúla reachtaíochta sa Chreat Sábháilteachta ar Líne:
- Gníomh an Aontais Eorpaigh um Sheirbhísí Digiteacha
- An tAcht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022, arb é sin an bonn dár gCód Sábháilteachta ar Líne
- Rialachán an Aontais Eorpaigh maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne