Comhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt

Le hAirteagal 21 den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha, tá faighteoirí seirbhíse i dteideal comhlacht deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt (ODS) a roghnú chun díospóidí a bhaineann le cinntí ardán ar líne a réiteach.

Áirítear leis sin cinntí a bhaineann le gearáin nár réitíodh trí chóras inmheánach láimhseála gearán ardáin ar líne. Níl cinntí na gcomhlachtaí ODS ceangailteach. 

I gcomhréir le hAirteagal 21 den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha, tá sé de chumhacht ag Coimisiún na Meán iarratasóir a dheimhniú mar chomhlacht ODS, i gcás ina gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha seo a leanas: 

  • Neamhchlaontacht agus neamhspleáchas, lena n-áirítear neamhspleáchas airgeadais, i ndáil le soláthraithe ardán ar líne agus faighteoirí na seirbhíse.
  • Saineolas i ndáil le réimsí ábhair mhídhleathaigh, nó i ndáil le téarmaí agus coinníollacha ardán ar líne a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú.
  • Luach saothair, lena n-éilítear go n-íocfar baill de chomhlacht ODS ar bhealach nach bhfuil nasctha le toradh an nós imeachta.
  • Inrochtaineacht, lena gceanglaítear go mbeidh rochtain éasca ar shocraíocht ODSanna, trí theicneolaíocht cumarsáide leictreonaí agus lena ndéantar foráil maidir leis an bhféidearthacht réiteach na díospóide a thionscnamh agus na doiciméid tacaíochta riachtanacha a chur isteach ar líne.
  • Réiteach díospóidí tapa agus éifeachtúil, lena gceanglaítear gur féidir le comhlacht ODS díospóidí a réiteach ar bhealach tapa, éifeachtúil agus costéifeachtach agus i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais.
  • Rialacha soiléire agus cothroma, lena gceanglaítear go ndéanfar ODSanna a shocrú i gcomhréir le rialacha nós imeachta soiléire agus cothroma atá inrochtana go héasca agus go poiblí. 

Cur i bhfeidhm

Féadfaidh comhlachtaí atá lonnaithe in Éirinn iarratas a dhéanamh chugainn ar dheimhniú faoi Airteagal 21 den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha.

Más mian leat iarratas a dhéanamh ar dheimhniú nó má tá aon cheist agat maidir leis an bpróiseas deimhniúcháin, seol ríomhphost chuig [email protected].

Comhlachtaí deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt 

Ionad Achomhairc na hEorpa (ACE)

Ionad Achomhairc na hEorpa (ACE)

Deonaítear an deimhniú ar feadh tréimhse 5 bliana, ón 26 Meán Fómhair 2024 go dtí an 26 Meán Fómhair 2029. Is é an réimse saineolais dá ndeonaítear an deimhniú téarmaí agus coinníollacha na n-ardán ar líne a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú. Is cuideachta é an ACE atá cláraithe in Éirinn.