Ceadúnú & clárú

Ceadúnú craolacháin

Tá Coimisiún na Meán freagrach as ceadúnú seirbhísí neamhspleácha raidió agus teilifíse.

Is é ár bpríomhchuspóir ceadúnúcháin ná a chinntiú go bhfuil seirbhísí craolacháin sa Stát cuimsitheach agus iolraíoch agus gur fearr a fhreastalaíonn siad ar riachtanais mhuintir oileán na hÉireann, agus a dteangacha, a dtaithí agus a dtraidisiúin agus a n-éagsúlacht reiligiúnach, eiticiúil agus chultúrtha á gcur san áireamh.

Déanaimid monatóireacht ar chomhlíonadh na gcraoltóirí maidir le téarmaí a gconarthaí craolacháin agus a gCód agus a Rialacha trí ghníomhaíochtaí éagsúla, lena n-áirítear gearáin ó lucht féachana a bhainistiú, iniúchtaí/athbhreithnithe comhlíontachta, agus éisteacht le hábhar craolta agus/nó féachaint air.

Soláthraithe Seirbhíse Meán a Chlárú

Tá Coimisiún na Meán freagrach as seirbhísí meán closamhairc ar éileamh (físeán ar éileamh) atá bunaithe in Éirinn a rialáil.

Tá dualgas reachtúil orainn Clár Soláthraithe Seirbhíse Meán a bhunú agus a chothabháil.