Ceadúnú craolacháin

Is féidir le gníomhaíochtaí ceadúnúcháin Choimisiún na Meán a bheith réamhghníomhach nó frithghníomhach ag brath ar an gcineál ceadúnais chraolacháin.

Ceadúnú réamhghníomhach

Cuirimid tús leis na gníomhaíochtaí ceadúnúcháin le haghaidh seirbhísí teilifíse agus raidió analógacha tráchtála agus pobail agus socraímid spriocdhátaí iarratais. Chun é sin a dhéanamh, ceapaimid agus foilsímid ár bpleananna ceadúnúcháin ina sonraítear na cineálacha seirbhísí a fhéadfar a cheadúnú agus a réimsí/pobail saincheadúnais. Déantar foráil sna pleananna sin maidir le seirbhísí nua a bhunú agus leanúint leis na seirbhísí atá ann cheana faoi réir speictream a bheith ar fáil.

Ceadúnú frithghníomhach

Tá cineálacha seirbhísí raidió agus teilifíse ann ar féidir le soláthraithe seirbhíse ionchasacha iarratais a chur isteach ina leith le linn na bliana.  Is féidir linn conarthaí craolacháin a bhronnadh le haghaidh raidió sealadach (30 lá), raidió pobail píolótach 100 lá, agus conarthaí soláthair ábhair (digiteach) do sheirbhísí teilifíse agus raidió.

Cuireann an Straitéis reatha um Sheirbhísí Craolacháin (PDF) treoir ar fáil maidir lenár mbeartas agus gníomhaíochtaí ceadúnúcháin. Leagtar amach sa Straitéis an fhís don mheascán is fearr de sheirbhísí craolacháin. Leagtar amach inti an chaoi a gcuirfimid ár bhfeidhmeanna reachtúla agus ár gcleachtais rialála i bhfeidhm thar shaolré na straitéise chun réadú na físe sin a éascú. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoinár gcur chuige i leith beart rialála (PDF) (Béarla)maidir le seirbhísí craolacháin fuaime.  

Táimid ag súil le dul i gcomhairle go poiblí maidir lenár n-athbhreithniú agus nuashonrú ar an Straitéis um Sheirbhísí Craolacháin agus ar bhearta rialála gaolmhara in 2025.

Inár ngníomhaíochtaí ceadúnúcháin, déanaimid ár ndícheall freisin éagsúlacht agus trédhearcacht a chinntiú i rialú na meán cumarsáide atá ag feidhmiú i Stát na hÉireann. Tá Beartas um Iolrachas sna Meáin (PDF) ag Coimisiún na Meán agus cuireann sé raon gníomhaíochtaí iolracha i bhfeidhm lena n-áirítear comhairle a chur ar an Aire maidir le cumaisc sna meáin. D’fhoilsíomar Beartas um Úinéireacht agus Rialú (PDF) freisin chun bonn eolais a chur faoi ghné úinéireachta agus rialaithe na n-iarratas ar chonarthaí craolacháin. Áirítear leis sin forléargas ar an measúnú ar iarrataí ábhartha ar athruithe ar chonarthaí, chomh maith le haon saincheist maidir le comhlíonadh a d’fhéadfadh teacht chun cinn ina dhiaidh sin i leith conarthaí den sórt sin. Déanaimid ár ndícheall a chinntiú go n-oibríonn ár socruithe rialála go comhréireach, go cothrom agus go comhsheasmhach. I ndáil leis sin, soláthraítear leis an mBeartas soiléireacht agus cinnteacht maidir leis an gcur chuige rialála atá le glacadh agus maidir leis na rialacha a mbeidh feidhm acu.  

Ceadúnú teilifíse

Ceadúnú raidió

Conradh craolacháin

Sainaithnítear san Acht Craolacháin, 2009 raon na gconarthaí craolacháin agus soláthair ábhair ar féidir linn tabhairt fúthu agus soláthraítear ann an creat rialála ina mbronntar agus ina n-oibrítear na conarthaí sin.   

Áirítear orthu sin conarthaí arna mbronnadh faoi na nithe seo a leanas: 

  • Ailt 66 agus 67 (Conarthaí Craolacháin Fuaime) 
  • Alt 70 (an Conradh Seirbhíse Cláir Teilifíse náisiúnta) 
  • Alt 71 (Conarthaí maidir le Soláthar Ábhar) 
  • Alt 72 (Conarthaí maidir le hÁbhar Pobail a Sholáthar)
  • Alt 131 (Conarthaí maidir le hIlphléacsanna) 

Cinnfear na téarmaí agus na coinníollacha a ghabhann le conradh craolacháin de réir an chineáil seirbhíse a gcuirfear iarratas isteach ina leith, agus de réir na gceanglas reachtaíochta a bhaineann leis an gcineál seirbhíse atá i gceist. Beidh conradh arna bhronnadh ag Coimisiún na Meán ar fáil go poiblí ar iarratas ónár n-oifigí.

Déanaimid monatóireacht ar chomhlíonadh na gcraoltóirí le téarmaí a gconarthaí craolacháin trí ghníomhaíochtaí éagsúla, lena n-áirítear gearáin ón lucht féachana a bhainistiú, iniúchtaí/athbhreithnithe comhlíontachta, agus éisteacht le hábhar craolacháin agus/nó féachaint air.

Ní mór do chraoltóir cead a lorg roimh ré le haghaidh aon athrú ar théarmaí conartha. Mar shampla, athruithe ar a struchtúr úinéireachta agus rialaithe nó ar ghealltanais chlársceidealaithe. Breithnímid na hathruithe sin i gcomhréir leis na ceanglais reachtacha is infheidhme agus leis na beartais ghaolmhara.