Gearáin maidir le craoltóireacht & físeán ar éileamh
Tá daoine den phobal i dteideal gearán a dhéanamh i gcás ina gcreideann siad nár chomhlíon craoladh raidió nó teilifíse nó ábhar cláir ar sheirbhís meán físeáin ar éileamh na caighdeáin a leagtar amach i reacht (Cuid 3B de na hAchtanna um Rialáil Craolacháin agus Meán Eile, 2009 agus 2022) nó i gcóid agus rialacha seirbhíse meán.
Ar na leathanaigh seo, is féidir leat teacht ar fhaisnéis maidir le hoibleagáidí craoltóirí agus soláthraithe físeáin ar éileamh faoi reacht, achoimre ar an bpróiseas láimhseála gearán agus tuairisc ar an rannpháirtíocht ar féidir le heintitis rialáilte a bheith ag súil léi uainn i ndáil le gearáin.