Cóid & Rialacha

Cóid Seirbhíse Meán

Údaraítear do Choimisiún na Meán Cóid Seirbhíse Meán a dhéanamh lena rialaítear caighdeáin agus cleachtais craoltóirí agus soláthraithe seirbhísí meán closamhairc ar éileamh.

Féadfar foráil a dhéanamh sna Cóid maidir le caighdeáin agus cleachtais chun an méid seo a leanas a chinntiú: 

  • go gcomhlíonfaidh craoltóirí agus soláthraithe seirbhísí meán closamhairc ar éileamh ceanglais maidir le díobháil, cion, gríosú chun fuatha nó foréigin, údarás an Stáit agus príobháideachas
  • go gcomhlíonfaidh craoltóirí agus soláthraithe seirbhísí meán closamhairc ar éileamh na ceanglais maidir le Nuacht agus Cúrsaí Reatha
  • that audiences are protected from anything harmful or unduly offensive and, in particular, that programme material relating to gratuitous violence or sexual conduct is presented  
    • le híogaireacht chuí maidir le ciontuithe agus mothúcháin an lucht féachana/éisteachta agus ar bhealach
    • nach gcloisfidh ná nach bhfeicfidh leanaí de ghnáth aon rud a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh dá bhforbairt choirp, mheabhrach nó mhorálta; agus
  • commercial communications will  
    • Leasanna an phobail a chosaint agus
    • Leasanna leanaí a chosaint.

Is féidir Cóid Seirbhíse Meán a dhéanamh freisin chun:

  • toirmeasc nó srian a chur ar chumarsáid tráchtála a bhaineann le bianna nó deochanna is ábhar imní don phobal maidir le leasanna ginearálta sláinte leanaí, lena n-áirítear bainne foirmle do naíonáin, bainne foirmle leantach do naíonáin nó bianna nó deochanna ina bhfuil saill, aigéid thras-sailleacha, salainn nó siúcraí.

Féadfar caighdeáin agus cleachtais chun na nithe seo a leanas a chur chun cinn a áireamh ar leithligh sna Cóid Seirbhíse Meán:

  1. ionadaíocht chothrom inscne na rannpháirtithe i gcláir nuachta agus cúrsaí reatha arna gcraoladh ag craoltóirí nó arna gcur ar fáil ag soláthraithe seirbhíse meán, agus
  2. ceol arna chumadh ag mná nó arna léiriú ag mná a chraoladh ar sheirbhísí craolacháin raidió.

Ceanglaítear ar Choimisiún na Meán aird a thabhairt ar na nithe seo a leanas agus Cód Seirbhíse Meán á dhéanamh nó á leasú aige:

  1. méid na díobhála nó an chiona is dóigh a dhéanfar de bharr ábhar áirithe a chur san áireamh in ábhar clár
  2. méid agus comhdhéanamh dóchúil an lucht féachana/éisteachta a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh ábhar cláir
  3. ionchas dóchúil an lucht féachana/éisteachta maidir le cineál an ábhair cláir, agus a mhéid is féidir cineál an ábhair cláir a chur in iúl do dhaoine a d’fhéadfadh a bheith sa lucht féachana/éisteachta
  4. an dóchúlacht go mbeidh daoine nach bhfuil ar an eolas faoi chineál an ábhair cláir neamhchosanta go neamhbheartaithe air trína ngníomhaíochtaí féin
  5. a inmhianaithe atá sé a chinntiú go ndéanfaidh craoltóir nó soláthraí seirbhíse meán closamhairc ar éileamh an Coimisiún a chur ar an eolas faoi aon athrú a dhéanann difear do chineál na seirbhíse agus, go háirithe, faoi aon athrú is iomchuí maidir le cur i bhfeidhm cód seirbhíse meán, agus
  6. a inmhianaithe atá sé neamhspleáchas an rialaithe eagarthóireachta ar chláir a choinneáil.

Rialacha Seirbhíse Meán  

Tá údarás ag Comisiún na Meán Rialacha Seirbhíse Meán a dhéanamh. Féadfaimid rialacha a dhéanamh do chraoltóirí teilifíse agus raidió maidir le craoladh cumarsáide tráchtála chun an méid seo a leanas a shonrú:

  1. Na hamanna iomlána laethúla a cheadaítear chun fógraíocht agus teilishiopadóireacht a chraoladh
  2. n t-am a cheadaítear in aghaidh na huaire chun fógraíocht agus teilishiopadóireacht a chraoladh

Féadfaimid rialacha a dhéanamh freisin chun a cheangal ar chláir, arna gcraoladh ag craoltóir agus atá san áireamh i gcatalóg soláthraí seirbhíse meán closamhairc ar éileamh, tuiscint agus taitneamh na gclár sin a chur chun cinn i measc na ndaoine seo a leanas:

  • daoine atá bodhar nó a bhfuil lagú éisteachta acu,
  • daoine lagamhairc,
  • daoine lagéisteachta agus lagamhairc.

Ba cheart do chraoltóirí agus do sholáthraithe seirbhíse meán tagairt a dhéanamh d’Acht 2009 chun tuilleadh sonraí a fháil maidir le forálacha Chuid 3B.

Is ionann mainneachtain na dualgais a fhorchuirtear nó na cóid agus na rialacha arna ndéanamh faoi Chuid 3B a chomhlíonadh agus “sárú” chun críocha Chuid 8B de na hAchtanna um Rialáil Craolacháin agus Meán Eile, 2009 agus 2022 agus ar an tslí sin d’fhéadfadh forais a bheith ann chun smachtbhanna airgeadais riaracháin a fhorchur ar an gcraoltóir ábhartha nó ar an soláthraí seirbhíse meán closamhairc.

Cóid & Rialacha Seirbhíse Meán i bhfeidhm

Tá na Cóid agus Rialacha Seirbhíse Meán seo a leanas i bhfeidhm, ach níl feidhm acu ach maidir le craoltóirí:

Tá na Cóid agus Rialacha Seirbhíse Meán seo a leanas i bhfeidhm agus tá feidhm acu maidir le seirbhísí meán closamhairc ar éileamh amháin nó maidir le seirbhísí ar éileamh agus seirbhísí craoltóireachta araon:

Cuirfidh ár gCóid agus Rialacha Seirbhíse Meán ceanglais na Treorach maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc chun feidhme freisin.

Ba cheart do chraoltóirí agus do sholáthraithe seirbhísí meán closamhairc ar éileamh tagairt a dhéanamh d’Acht 2009 chun tuilleadh sonraí a fháil maidir le forálacha Chuid 3B.

Is ionann mainneachtain na dualgais a fhorchuirtear nó na cóid agus na rialacha arna ndéanamh faoi Chuid 3B a chomhlíonadh agus “sárú” chun críocha Chuid 8B de na hAchtanna um Rialáil Craolacháin agus Meán Eile, 2009 agus 2022 agus ar an tslí sin d’fhéadfadh forais a bheith ann chun smachtbhanna airgeadais riaracháin a fhorchur ar an gcraoltóir ábhartha nó ar an soláthraí seirbhíse meán closamhairc.