Rannpháirtíocht

Tugaimid breac-chuntas anseo ar na cineálacha rannpháirtíochta ar féidir le heintitis rialáilte a bheith ag súil leo.

Comhairliúchán

Sula ndéanfar cód seirbhíse meán nó riail seirbhíse meán, cuirfidh Comisiún na Meán dréacht ar fáil lena iniúchadh. Féadfaidh craoltóirí agus soláthraithe seirbhíse meán aighneachtaí a dhéanamh maidir leis an dréacht laistigh den tréimhse shonraithe a bhreithneoidh muid agus an dréachtchód seirbhíse meán nó an riail seirbhíse meán á tabhairt chun críche againn.

Gearáin

Cuirfidh Coimisiún na Meán in iúl do chraoltóir nó do sholáthraí seirbhíse meán go bhfuil gearán bailíochtaithe faighte aige go bhfuil sárú líomhnaithe déanta ar chaighdeáin reachtúla nó rialála agus ar ár gcinneadh i ndáil leis an ngearán sin.

Treoir

Ó am go ham féadfaimid treoir a fhoilsiú maidir le cód seirbhíse meán, riail seirbhíse meán, nó próisis agus nósanna imeachta maidir le feidhmiú ár sainchúraim rialála.