Ceadúnú raidió

Raidió analógach

Seirbhísí tráchtála FM

Cuirimid tús leis an bpróiseas ceadúnúcháin do sheirbhísí raidió tráchtála ar na bannaí AM agus FM.

Faoi láthair tá 33 seirbhís raidió tráchtála ar aer ar fud na tíre, go réigiúnach agus go háitiúil, a sholáthraíonn meascán de sheirbhísí nuachta/atá dírithe ar chaint, dírithe ar cheol, dírithe ar cheol sainréimse, agus seirbhísí áitiúla atá dírithe ar ábhar.

Foilsímid pleananna ceadúnúcháin do na seirbhísí raidió seo agus sonraítear iontu na cineálacha seirbhísí a fhéadfar a cheadúnú, a spriocghrúpaí agus a réimsí saincheadúnais. Déantar foráil sna pleananna sin maidir le seirbhísí nua a bhunú agus leanúint de sheirbhísí atá ann cheana faoi réir infhaighteacht speictrim.

Foilsímid treoirlínte agus foirmeacha iarratais faoi gach próiseas ceadúnúcháin, agus soláthraítear conradh craolacháin táscach thíos. Ba cheart d’iarratasóirí breithniú a dhéanamh freisin ar na beartais cheadúnúcháin ghaolmhara atá foilsithe againn, lena n-áirítear an Straitéis um Sheirbhísí Craolacháin (PDF) agus an Beartas um Úinéireacht agus Rialú (PDF). 

Seirbhísí pobail, seirbhísí pobail sainleasa agus seirbhísí sainleasa

Is muidne a thionscnaíonn an próiseas ceadúnúcháin do sheirbhísí raidió pobail/pobail sainleasa/sainleasa ar na bannaí FM.

Tá 21 seirbhís pobail, pobail sainleasa agus sainleasa ar fáil ar an aer ar fud na tíre. Freastalaíonn na seirbhísí seo ar leasanna an phobail nó an phobail sainleasa a bhfreastalaítear air, agus féachann siad le sochar sóisialta a sholáthar don phobal nó don phobal sainleasa a bhfreastalaítear air.

Foilsímid ár bpleananna ceadúnúcháin ina sonraítear aon phróisis cheadúnúcháin atá beartaithe do sheirbhísí raidió pobail nua agus do sheirbhísí raidió pobail atá ann cheana faoi réir infhaighteacht speictrim.

Foilsímid treoirlínte agus foirmeacha iarratais faoi gach próiseas ceadúnúcháin, agus soláthraítear conradh craolacháin táscach thíos. Ba cheart d’iarratasóirí breithniú a dhéanamh freisin ar na beartais cheadúnúcháin ghaolmhara atá foilsithe againn, lena n-áirítear Beartas na Meán Pobail agus an Creat Sochair Shóisialta.

Seirbhísí sealadacha

Is féidir linn conarthaí craolacháin fuaime sealadacha a bhronnadh ar feadh suas le 30 lá laistigh de 12 mhí (“seirbhís shealadach rialta”). Ina theannta sin, is féidir linn conradh craolacháin fuaime sealadach a bhronnadh ar ghrúpa iarrthach atá ionadaíoch agus cuntasach do phobal i gceantar ar leith nó do phobal sainleasa i gceantar ar feadh suas le 100 lá i 12 mhí (“seirbhís shealadach pobail phíolótach”).

De ghnáth bronntar conarthaí craolacháin fuaime sealadacha rialta suas le 30 lá ar ghrúpaí oideachais agus mac léinn agus ar ghrúpaí eile chun críocha imeachtaí speisialta, amhail féilte, scannáin tiomáin isteach, agus seirbhísí ceantair bheaga eile. Bronnaimid thart ar 15-20 ceadúnas dá leithéid (Béarla) (PDF) in aghaidh na bliana. Bronntar thart ar chúig chonradh phíolótacha craolacháin fuaime pobail go bliantúil ar bhonn píolótach ar ghrúpaí pobail i limistéar saincheadúnais ar leith ar spéis leo stáisiún pobail lánaimseartha a bhunú amach anseo.

Tá sé mídhleathach seirbhísí den sórt sin a chraoladh gan conradh uainn, agus ba cheart sonraí aon chraoltóra atá ag feidhmiú go mídhleathach a chur ar aghaidh chuig ComReg.

Is féidir le hiarratasóirí iarratas a dhéanamh am ar bith ar chonarthaí craolacháin le haghaidh seirbhísí sealadacha.

Seirbhísí institiúideacha

Is féidir le hinstitiúidí amhail coláistí agus ospidéil cur isteach ar chonarthaí craolacháin fuaime institiúideacha, ar féidir iad a bhronnadh ar feadh suas le deich mbliana.

Is féidir le hiarratasóirí iarratas a dhéanamh am ar bith ar chonarthaí craolacháin le haghaidh seirbhísí institiúideacha.