Gearáin ar líne
Faoi Airteagal 53 den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) tá sé de cheart ag úsáideoirí nó eagraíochtaí a bhfuil sainordú acu cearta a fheidhmiú thar a gceann, gearáin a thaisceadh in aghaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ina líomhnaítear sárú ar an DSA.
Tá sé de cheart ag úsáideoirí na gearáin sin a thaisceadh leis an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha (DSC) san áit a bhfuil an t-úsáideoir lonnaithe.
Faighimid gearáin ó úsáideoirí atá lonnaithe in Éirinn agus ar fud na mballstát eile. Déanann an DSC tionscnaimh na gearáin sin a fhaightear ó Bhallstáit eile a tharchur chugainn.
Nuair a fhaighimid gearán, déantar é a phróiseáil de réir ár reachtaíochta feidhmiúcháin, is é sin an tAcht Craolacháin, 2009 (arna leasú).