Litearthacht sna Meáin
Tá a fhios againn nach mbaintear scileanna maithe litearthachta sna meáin amach le feachtas amháin.
Mar a mhínímid inár leathanach Tuiscint ar na Meáin, dírímid ar inniúlachtaí agus scileanna a fhorbraítear inár mBeartas um Litearthacht sna Meáin. Mar shampla, b‘fhéidir go bhfuil tú ar an eolas faoi chamscéim áirithe, nó go bhfuil tú cothrom le dáta le haip nua, ach athraíonn rudaí ansin, forbraítear teicneolaíocht nó aipeanna nua, bíonn camscéimeanna nua le feiceáil agus b’fhéidir go mbeadh ort foghlaim uair arís eile. Is é sin an fáth go ndeirimid gur turas foghlama ar feadh an tsaoil í litearthacht sna meáin.
Mar rialtóir na meán, tá dualgas reachtúil ar Choimisiún na Meán taighde agus gníomhaíochtaí a dhéanamh, a spreagadh agus a chothú a chuireann litearthacht sna meáin chun cinn agus a thacaíonn léi. Tá a fhios againn freisin nach féidir linn é sin a dhéanamh inár n-aonar agus go bhfuil go leor páirtithe leasmhara páirteach i saothrú fhorbairt na litearthachta sna meáin, sa bhaile agus thar lear araon. Sa bhaile in Éirinn, déanaimid Litearthacht sna Meáin in Éirinn a mhaoiniú agus a éascú, comhghuaillíocht neamhspleách de pháirtithe leasmhara Éireannacha ar spéis leo litearthacht sna meáin a chur chun cinn. Tríd an éascú sin, cuirimid tionscnaimh, feachtais, oiliúint agus comhroinnt eolais maidir le litearthacht sna meáin chun cinn.
Ar an leibhéal idirnáisiúnta, oibrímid go dlúth le rialtóirí eile agus le cleachtóirí litearthachta sna meáin san Eoraip ar thionscnaimh éagsúla a bhaineann le litearthacht sna meáin. Foghlaimímid óna chéile (cad a éiríonn leis nó cad nach n-éiríonn leis), tacaímid lena chéile, agus ceapaimid creataí comhchoiteanna ionas gur féidir linn go léir ár bpoist faoi seach a dhéanamh go héifeachtach.
Rannpháirtíocht idirnáisiúnta
Tá poist cheannaireachta againn ar fhóraim idirnáisiúnta éagsúla, mar shampla:
- Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc (ERGA), grúpa comhairleach den Aontas Eorpach,
- Ardán Eorpach na nÚdarás Rialála (EPRA), agus go háirithe,
- Tascfhórsa EPRA um Litearthacht sna Meáin agus san Fhaisnéis(EMIL).
Is grúpa oibre é EMIL a thugann rialtóirí agus gníomhaireachtaí agus cleachtóirí litearthachta sna meáin le chéile chun na críche seo a leanas:
- Cruthú agus feidhmiú líonraí litearthachta sna meáin ar fud na hEorpa a chur chun cinn agus tacú leo trí phríomhghníomhaithe na líonraí sin a thabhairt le chéile, agus fóram neamhspleách trédhearcach a chur ar fáil dóibh chun faisnéis ábhartha, dea-chleachtas, taithí agus saineolas a chomhroinnt.
- óifíl phoiblí na líonraí litearthachta sna meáin a ardú agus cuidiú leis an dea-chleachtas agus an taithí ó na líonraí sin a roinnt le lucht féachana níos leithne de pháirtithe leasmhara.
- Eolas, dea-chleachtais agus taithí a chomhroinnt maidir le gníomhaíochtaí agus tionscnaimh litearthachta sna meáin i gcoitinne, lena n-áirítear iarracht a dhéanamh dúbláil iarrachtaí idir grúpaí comhordúcháin éagsúla a sheachaint.
Chuireamar le go leor comhdhálacha agus príomhóráidí maidir le litearthacht sna meáin agus oibrímid i gcomhar leis na príomhpháirtithe leasmhara ábhartha.