Cé muid féin

Is sinne gníomhaireacht na hÉireann chun tírdhreach meán faoi bhláth, éagsúil, cruthaitheach, sábháilte agus iontaofa a fhorbairt agus a rialáil. Bunaíodh ár n-eagraíocht i mí an Mhárta 2023, de bhun fhorálacha an Achta um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022.

Tá Cathaoirleach Feidhmiúcháin againn agus ceathrar Coimisinéirí i gceannas ar fhoireann ina bhfuil os cionn 200 ball foirne thar réimsí feidhme éagsúla.