Comhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú

Ag Coimisiún na Meán, tá Béim ar Dhaoine ar cheann dár gcroíluachanna, agus is cuid lárnach de sin é ár dtiomantas tús áite a thabhairt don chuimsiú agus glacadh leis an luach a ghabhann leis an éagsúlacht.

Creidimid sa tábhacht a bhaineann le peirspictíochtaí éagsúla agus le taithí saoil éagsúil agus aithnímid an rannchuidiú uathúil a dhéanann ár bhfostaithe. Is é ár gcuspóir timpeallacht oscailte agus uilechuimsitheach a chruthú ina mbraitheann gach duine go bhfuil meas orthu agus ina dtacaítear leo a bheith ar a ndóigh féin.

Ár gcur chuige

Tá Comhionannas, Éagsúlacht agus Cuimsiú (EDI) i gcroílár ár Straitéise Daoine, ar príomhchumasóir dár gcéad Straitéis Eagraíochtúil é. I gcomhréir lenár gcéad straitéis GEDI d’earnáil na meán, is bunchloch dár luachanna eagraíochtúla é EDI. Táimid tiomanta do chultúr cuimsitheach a chothú ina ndéantar an éagsúlacht sa cheannaireacht a shaothrú go gníomhach. Beidh ár gcur chuige bunaithe ar shonraí, bunaithe ar fhianaise agus dírithe ar thorthaí, rud a chinnteoidh go léireoidh ár dtionscnaimh riachtanais athraitheacha ár lucht saothair agus ár sochaí.

Mar eagraíocht nua, tá dul chun cinn suntasach déanta againn cheana féin maidir le EDI a leabú i ngach rud a dhéanaimid. Tá creidiúnú Cré-Umha bainte amach againn ó Ionad Éagsúlachta na hÉireann, rud a dhearbhaíonn ár dtiomantas do bhonn láidir a thógáil don chothromas agus don chuimsiú. Chomh maith leis sin, chuamar i gcomhpháirtíocht le Tionscnamh na nDoirse Oscailte chun tuilleadh feabhais a chur ar ár n-iarrachtaí bealaí a chruthú i dtreo na hinfhostaitheachta cothroime do phobail atá faoi ghannionadaíocht. 

Cé go bhfuilimid bródúil as an dul chun cinn atá déanta againn, tá a fhios againn go bhfuil níos mó le déanamh. Sna blianta amach romhainn, táimid tiomanta do thionscnaimh uaillmhianacha EDI a chur i bhfeidhm a thagann lenár luachanna cuimsitheacha agus a chabhraíonn linn ionad oibre a thógáil a léiríonn go fírinneach an domhan éagsúil a bhfreastalaímid air.

Coinnigh súil amach chun an t-eolas is déanaí a fháil faoinár n-aistear leanúnach EDI agus chun ráiteas iomlán a fháil faoinár ngealltanais maidir le comhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú.