Próiseas gearán an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha 

Faoin Acht Craolacháin, 2009 arna leasú (Acht 2009), ceanglaítear orainn céimeanna sonracha a ghlacadh i ndáil le gearáin a fhaightear faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA). 

Measúnú tosaigh

Faoi alt 201 d’Acht 2009, ní mór dúinn measúnú tosaigh a dhéanamh ar an ngearán. Tá dhá chéim sa mheasúnú tosaigh sin:

  1. Measúnú bailíochta
  2. Measúnú dlínse

Measúnú bailíochta

Mar chuid den mheasúnú bailíochta, cinntímid an méid seo a leanas:

  • go bhfuil faighteoir na seirbhíse lonnaithe in Éirinn/san Aontas Eorpach (má tharchuireann Ballstát eile é);
  • go bhfuil an soláthraí seirbhíse idirghabhála (ISP) lonnaithe in Éirinn; agus
  • go mbaineann an gearán le sárú féideartha ar an DSA. Ní mór don ghearán pas a fháil sa mheasúnú bailíochta sin ionas gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an ngearán.

Measúnú dlínse

Déanaimid measúnú dlínse ar an ngearán freisin, ina measúnaítear cé acu a bhaineann nó nach mbaineann an gearán leis na nithe seo a leanas:

Tarchuirfidh Coimisiún na Meán an gearán chuig CCPC/chuig an gCoimisiún Eorpach de réir mar is cuí tar éis an mheasúnaithe dlínse. Is féidir linn é a tharchur freisin chuig Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha (DSC) eile más gá i.e. má tá an ISP lonnaithe i mBallstát eile.

Ní mór do Choimisiún na Meán fógra a thabhairt don ghearánach faoi aon tarchur gearáin ag an bpointe seo i.e. ní mór dúinn a chur in iúl don ghearánach má tarchuireadh an gearán chuig an CCPC, chuig an gCoimisiún Eorpach nó chuig DSC eile.

Measúnú breise

Tar éis an mheasúnaithe dlínse, ní mór do Choimisiún na Meán measúnú breise a dhéanamh ar an ngearán. Fágann sé seo gur féidir linn tuilleadh eolais a lorg ón ngearánach nó ón ISP, d’fhonn cinneadh a dhéanamh ar an ngearán. Go bunúsach, ní mór dúinn a bheith sásta go bhfuil dóthain eolais againn chun cinneadh eolasach a dhéanamh maidir le haon sárú amhrasta ar an DSA, agus déanaimid é seo tríd an bpróiseas measúnúcháin bhreise. Is iondúil go n-áirítear i measúnú breise tuilleadh eolais a lorg ón ngearánach nó cóip den ghearán a sheoladh chuig an ISP mar aon le ceisteanna a ghabhann leis nach mór freagra a thabhairt orthu, sula molfaimid aon bheart a dhéanamh maidir leis an ngearán.

Nuair a bheidh an measúnú breise curtha i gcrích, tá roinnt beart féideartha is féidir linn a dhéanamh:

  1. Fógra comhlíontachta a sheirbheáil ar ISP.
  2. Fiosrúchán a dhéanamh ar an ngearán.
  3. An gearán a dhiúltú má fhaightear amach go bhfuil sé suaibhreosach, cráiteach, nach ndearnadh de mheon macánta nó go fánach é.
  4. Aon bheart eile a mheasaimid a bheith cuí e.g. an gearán a chur ar aghaidh chuig ár bhFoireann Maoirseachta lena bhreithniú tuilleadh agus chun bonn eolais a chur faoinár mbearta maoirseachta.

Sula ndéanfaidh sé beart maidir leis an ngearán, áfach, ní mór do Choimisiún na Meán fógra a thabhairt don ghearánach agus don ISP faoin mbeart atá beartaithe aige. Cuirtear in iúl don ISP freisin gur féidir leo uiríll a dhéanamh maidir leis an ngearán agus tugtar amlíne dóibh chun é sin a dhéanamh. Ní chuirtear an gearánach ar an eolas go sonrach faoin gceart uiríll a dhéanamh ag an bpointe seo, ach cuirtear ar an eolas é faoi cheart an ISP é sin a dhéanamh, agus faoin amlíne.  

Cinneadh

uair a fhaightear uiríll ón ISP, agus nuair a dhéanaimid breithniú orthu, déantar cinneadh deiridh.

Ní mór dúinn ansin fógra i scríbhinn a thabhairt don ghearánach agus don ISP maidir lenár gcinneadh deiridh.