Struchtúr rialachais
Tá Coimisiún na Meán faoi stiúir Cathaoirligh agus ceathrar Coimisinéirí, dá ngairtear an Coimisiún le chéile. Is é an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a cheapann na baill foirne feidhmiúcháin lánaimseartha seo.
Is é an Coimisiún comhlacht cinnteoireachta Choimisiún na Meán. Tá cumhachtaí agus feidhmeanna an Choimisiúin leagtha amach in alt 7 den Achta um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán 2022.
Coimisinéir | Ról | Ceaptha den Chéad Uair | Dáta Éaga |
---|---|---|---|
Jeremy Godfrey | Cathaoirleach | 15/3/2023 | 14/3/2028 |
Aoife MacEvilly | Craoltóireacht & Físeán ar Éileamh | 22/7/2024 | 21/7/2029 |
John Evans | Seirbhísí Digiteacha | 24/7/2023 | 23/7/2028 |
Niamh Hodnett | Sábháilteacht ar Líne | 15/3/2023 | 14/3/2028 |
Rónán Ó Domhnaill | Tírdhreach na Meán | 15/3/2023 | 14/3/2028 |
Ról an Chathaoirligh
Is é an cathaoirleach a bhainistíonn agus a rialaíonn foireann, riarachán agus gnó an Choimisiúin i gcoitinne. Comhlíonann sé a chuid feidhmeanna faoi réir cibé beartais a chinnfidh an Coimisiún ó am go ham agus i gcomhréir le Ráiteas Straitéise agus Plean Oibre an Choimisiúin a cheanglaítear ar an gCoimisiún a tharraingt suas agus a ghlacadh. Ceanglaítear ar an gCathaoirleach fianaise a sholáthar do Choiste Dháil Éireann, nuair a iarrtar sin, maidir le rialtacht agus cuibheas idirbhearta an Choimisiúin, barainneacht agus éifeachtúlacht a úsáide acmhainní, éifeachtacht a oibríochtaí, agus aon saincheisteanna iomchuí i dtuarascálacha ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.
An Coiste Iniúchóireachta agus Riosca
Bhunaigh Coimisiún na Meán Coiste Iniúchóireachta agus Riosca (ARC) sa chéad bhliain dá fheidhmiú. Is é is cuspóir dó cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir lena fhreagrachtaí mar a leagtar amach iad ina reachtaíocht rialaithe, sna hAchtanna Craolacháin agus Achtanna eile um Rialáil na Meán, 2009 agus 2022 agus sa Chód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú 2016, lena n-áirítear riosca, rialú inmheánach agus dearbhú gaolmhar.
Tá ról an ARC leagtha amach i dtéarmaí tagartha arna bhfaomhadh ag an gCoimisiún. Is iad seo a leanas comhaltaí an Choiste:
Comhalta | Ról | Ceaptha den Chéad Uair | Dáta Éaga |
---|---|---|---|
Patricia Byron | Cathaoirleach Neamhspleách | 25/05/2023 | 31/12/2025 |
Aoife MacEvilly | Coimisinéir | 05/09/2024 | 04/09/2027 |
Niamh Hodnett | Coimisinéir | 25/05/2023 | 31/12/2025 |
Ciara Lynch | Comhalta Airgeadais Neamhspleách | 01/12/2023 | 30/11/2026 |