Saoráil Faisnéise

Ceadaíonn an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014 do bhaill den phobal rochtain a fháil, ach iad a iarraidh, ar thaifid atá i seilbh Choimisiún na Meán.

Tugann sé an ceart duit d’fhaisnéis phearsanta a cheartú nó a nuashonrú, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach, agus cúiseanna a fháil le cinntí a rinne Coimisiún na Meán a théann i bhfeidhm ort.

Mar sin féin, agus aitheantas á thabhairt don cheanglas atá ar Choimisiún na Meán a bheith in ann a ghnó a dhéanamh i gcomhréir le próis chuí agus nós imeachta cuí, tá díolúintí dá bhforáiltear san Acht ar féidir iad a chur i bhfeidhm maidir le cineálacha áirithe faisnéise i gcúinsí áirithe. Leagtar iad sin amach san Acht um Shaoráil Faisnéise, agus áirítear ar na príomhdhíolúintí:

  • faisnéis rúnda agus faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de
  • plé ar chomhlachtaí Saorála Faisnéise
  • plé ar chomhlachtaí Saorála Faisnéise
  • faisnéis phearsanta

Má úsáidtear aon cheann de na díolúintí seo chun faisnéis a choinneáil siar, míneofar na cúiseanna go soiléir duit. Is féidir diúltú d’iarratais freisin má mheastar iad a bheith rómhór, ach oibreoidh Coimisiún na Meán leis an iarrthóir chun an t-iarratas a shimpliú agus/nó a athrú.

Tá faisnéis agus treoir úsáideach maidir le Saoráil Faisnéise ar fáil ar shuíomh gréasáin an rialtais, www.foi.gov.ie.

Iarratas a dhéanam

Ní mór iarratais ar fhaisnéis faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór a lua iontu go bhfuil an fhaisnéis/an taifead á lorg faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba chóir duit an oiread eolais agus is féidir a thabhairt faoin taifead/faoi na taifid atá uait, le go mbeimid in ann an t-eolas atá uait a aithint. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn chun comhairle a fháil sula ndéanann tú d’iarratas.

Ba cheart iarratais um Shaoráil Faisnéise a chur isteach chuig [email protected].

Logaí nochta