An Ghaeilge

Mar chomhlacht poiblí nuabhunaithe, leanann Coimisiún na Meán de bheith ag iarraidh riachtanais Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003-2021 a chomhlíonadh.

Nuair a bunaíodh é, aistríodh Scéim Ghaeilge Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) chuig an eagraíocht nua.

Le roinnt míonna anuas, tá tús curtha againn le hathbhreithniú ar ár soláthar seirbhíse Gaeilge féin i bhfianaise na heagraíochta nua agus na bhfreagrachtaí breise a thugtar dúinn leis an Acht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán. Tacóidh sé seo le cur i bhfeidhm na gcaighdeán nua teanga nuair a fhorordaíonn an tAire iad.

Is féidir tuilleadh eolais faoin scéim a fháil ach ríomhphost a sheoladh chuig [email protected].