Nochtuithe cosanta

Mar a leagtar amach san Acht um Nochtadh Cosanta, 2014, is féidir nochtadh cosanta a dhéanamh le rialálaithe seachtracha áirithe nó le ‘daoine forordaithe’. Is minic a thugtar sceithireacht ar nochtadh den sórt sin.

Tá dhá Bheartas um Nochtadh Cosanta againn a chuireann eolas ar fáil maidir le conas nochtadh cosanta a dhéanamh, ceann amháin le haghaidh tuairisciú seachtrach agus ceann eile le haghaidh tuairisciú inmheánach.

Tuarascálacha maidir le nochtaí cosanta

Ceanglaítear leis an Acht um Nochtadh Cosanta go bhfoilseoidh comhlachtaí poiblí tuarascáil tráth nach déanaí ná an 31 Márta gach bliain maidir leis na nithe seo a leanas:

  • líon na nochtuithe cosanta a rinneadh an bhliain roimhe sin
  • aon bhearta, más ann dóibh, a rinneadh mar fhreagra ar na nochtuithe sin

Is féidir linn a dheimhniú nach ndearnadh aon nochtadh cosanta do Choimisiún na Meán don tréimhse ón 15 Márta go dtí an 31 Nollaig 2023.