An bhfuil feidhm ag an DSA maidir liom?

Tabhair faoi deara: Tá na ceisteanna thíos chun críocha faisnéise. Níl comhairle dlí iontu, ná níor cheart iad a fhorléiriú mar chomhairle uileghabhálach.

  1. An soláthraíonn do ghnólacht nó d’eagraíocht seirbhísí ar líne d’fhaighteoirí, mar shampla seirbhísí néalstórála, margadh ar líne, na meáin shóisialta, aipmhargaí, seirbhísí taistil agus cóiríochta? (Riachtanach)
  2. An soláthraíonn do ghnólacht, d’eagraíocht nó do sheirbhís ar líne seirbhísí bonneagair idirlín, amhail clárlanna ainmneacha fearainn nó soláthraithe rochtana idirlín? (Riachtanach)
  3. An gcuireann do ghnólacht, d’eagraíocht nó do sheirbhís ar líne seirbhísí taiscthe ar fáil; faisnéis a stóráil go huathoibríoch, go hidirmheánach agus go sealadach chun í a tharchur ar aghaidh? (Riachtanach)
  4. An bhfuil rochtain ag faighteoirí atá lonnaithe in Éirinn nó in áit eile san Aontas Eorpach ar do sheirbhísí? (Riachtanach)