Tá Coimisiún na Meán ag iarraidh ar pháistí, ar thuismitheoirí, ar chúramóirí agus ar mhúinteoirí ar fud na hÉireann páirt a ghlacadh ann
Is ar an Máirt seo chugainn, 11 Feabhra, a bheidh Lá na Sábháilteachta Idirlín ar siúl i mbliana. Arna chomhordú anseo in Éirinn ag Webwise (Ionad na hÉireann um Fheasacht ar Shábháilteacht Idirlín), beidh an imeacht tábhachtach seo ar siúl ar fud an AE don 22ú uair in 2025.
Tá téama na bliana seo thar a bheith tráthúil, i bhfianaise an tírdhreacha dhigitigh a bhíonn ag síorathrú; ‘Ullmhaigh / Cosain / Bí Faoi Bhláth: Ag Dul i nGleic le hAlgartaim & Tionchairí’.Glacfaidh na céadta leanaí agus daoine óga páirt i dtionscnaimh ar fud na tíre atá dírithe ar na codanna cumhachtacha seo den domhan ar líne a iniúchadh.
Anseo ag Coimisiún na Meán, tugaimid tús áite do shábháilteacht ar líne. I mí Dheireadh Fómhair seo caite, ghlacamar ár gCód Sábháilteachta ar Líne, ina leagtar síos rialacha ceangailteacha a bhfuil feidhm acu maidir le hardáin comhroinnte físeán a bhfuil a gceanncheathrú san Aontas Eorpach acu in Éirinn. Tugtar isteach leis an gCód oibleagáidí orthu daoine, go háirithe leanaí, a chosaint ar fhíseáin dhíobhálacha agus ar ábhar gaolmhar. Tá sé mar chuid dár gCreat foriomlán Sábháilteachta ar Líne, lena n-áirítear freisin Gníomh an Aontais Eorpaigh um Sheirbhísí Digiteacha agus Rialachán an Aontais Eorpaigh maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne.
Chun cuidiú le daoine óga tuiscint a fháil ar a gcearta ar líne, tá a lán treoracha agus acmhainní curtha le chéile againn freisin. Gheobhaidh múinteoirí agus tuismitheoirí treoracha, leideanna, físeáin agus pleananna ceachta saor in aisce ansin freisin.
Idir an dá linn, bí cinnte súil a chaitheamh ar mhol Webwise le haghaidh Lá na Sábháilteachta Idirlín chun tuilleadh eolais a fháil faoi imeachtaí an lae, agus chun do scoil nó d’eagraíocht a chlárú.