Brústocaireacht a rialáil
Forálann An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 go ndéanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí Clár ar líne a chruthú agus a chothabháil maidir le gníomhaíocht brústocaireachta.
Is é cuspóir an chláir eolas a chur ar fáil don phobal maidir le cé atá i dteagmháil le hoifigigh phoiblí ainmnithe maidir le beartais, ábhair reachtaíochta nó cinntí féideartha ar leith. Ní mór do bhrústocairí tuairisc a dhéanamh ar a gcaidrimh leis na hOifigigh Phoiblí Ainmnithe.
De réir Alt 6(4) den Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015, ní mór do gach comhlacht poiblí liosta a fhoilsiú ar a dtaispeántar ainm, grád agus cur síos achomair ar ról agus freagrachtaí gach “Oifigeach Poiblí Ainmnithe” sa chomhlacht.
Is é cuspóir an liosta ná:
- ligean do bhaill den phobal na daoine siúd atá mar Oifigigh Phoiblí Ainmnithe a shainaithint; agus
- bheith ina acmhainn le haghaidh brústocairí atá ag comhdú tuairisceáin don Chlár agus dá mbeadh sé riachtanach sonraí de chuid Oifigeach Poiblí Ainmnithe a fhoinsiú.
Oifigigh Phoiblí Ainmnithe
Leagtar amach thíos Oifigigh Phoiblí Ainmnithe Choimisiún na Meán faoin reachtaíocht seo:
Ainm: | Teideal Poist/Cúram: |
---|---|
Jeremy Godfrey | Cathaoirleach Feidhmiúcháin Freagrach as feidhmiú foriomlán na heagraíochta agus na hoibre a bhaineann le forbairt acmhainní TFC, Sonraí agus Dlí. |
Niamh Hodnett | An Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne Freagrach as obair a bhaineann le beartas sábháilteachta ar líne, lena n-áirítear bheith ag obair i gcomhar le grúpaí na sochaí sibhialta in Éirinn agus ar fud an domhain. |
Rónán Ó Domhnaill | An Coimisinéir um Fhorbairt na Meán Freagrach as obair a bhaineann le scéimeanna maoinithe, le forbairt na meán, le rannpháirtíocht úsáideoirí agus leis an gcumarsáid. |
John Evans | An Coimisinéir Seirbhísí Digiteacha Freagrach as obair a bhaineann le maoirseacht agus forfheidhmiú na sábháilteachta ar líne (lena n-áirítear déileáil le gearáin) agus as obair a bhaineann leis an mBord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha. |
Aoife MacEvilly | An Coimisinéir um Chraoltóireacht agus Físeáin ar Éileamh Freagrach as obair a bhaineann le rialáil na craoltóireachta nó le rialáil Fhíseáin ar Éileamh agus as obair arna díriú ag Stiúrthóirí sa Rannán Seirbhísí Corparáideacha. |
Le haghaidh tuilleadh eolais faoin Acht.