Léigh ár Ráiteas Straitéise agus Clár Oibre

Tá an straitéis bunaithe ar sé phríomhthoradh – Páistí, Daonlathas, Muinín, Cultúr agus Meáin na hÉireann, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht, agus Sábháilteacht an Phobail

D’fhoilsigh Coimisiún na Meán a chéad straitéis trí bliana inniu (24.04.25), ina leagtar amach fís na heagraíochta do thírdhreach meán bríomhar agus rathúil in Éirinn. Tá Clár Oibre 2025 ag gabháil leis an Ráiteas Straitéise 2025-2027, ina liostaítear tionscadail tosaíochta ar fud shainchúram Choimisiún na Meán maidir le sábháilteacht ar líne, forbairt agus rialáil earnáil na meán.

’Táimid muiníneach go gcabhróidh an straitéis seo linn tírdhreach meán a chruthú a rachaidh chun tairbhe na sochaí ar fad’’ – Cathaoirleach Feidhmiúcháin, Jeremy Godfrey

The Strategy Statement 2025-2027 is built on six key outcomes: 

  • Páistí – tírdhreach meán a sheasann le cearta, folláine agus forbairt páistí, agus a thacaíonn lena rannpháirteachas sábháilte le hábhar
  • Daonlathas – tírdhreach meán a bheith ann a thacaíonn leis an daonlathas agus le luachanna daonlathacha, atá mar bhonn faoin dioscúrsa sibhialta agus a laghdaíonn tionchar na bréagaisnéise
  • Muinín – tírdhreach meán ar féidir le tomhaltóirí muinín a bheith acu as, agus ina bhfuil cosaint acu ar dhúshaothrú agus ar chalaois
  • Cultúr agus meáin na hÉireann – tírdhreach meán a chinntiú atá inbhuanaithe, iolraíoch agus rannpháirteach, agus a léiríonn agus a mhúnlaíonn ár bhféiniúlacht mar shochaí
  • Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht – tírdhreach meán a chuireann luachanna an cheartais, an chomhionannais, na héagsúlachta agus na hionchuimsitheachta chun cinn
  • Sábháilteacht an phobail – tírdhreach meán a neartaíonn sláinte agus sábháilteacht an phobail 

Agus é ag labhairt ar an gcéad Ráiteas Straitéise a d’fhoilsigh Coimisiún na Meán, dúirt an Cathaoirleach Feidhmiúcháin Jeremy Godfrey: ‘‘Is garsprioc thábhachtach dár n-eagraíocht nua é ár gcéad Ráiteas Straitéise agus ár gClár Oibre 2025 a fhoilsiú. Táimid muiníneach go gcabhróidh an straitéis seo linn tírdhreach meán a chruthú a rachaidh chun tairbhe na sochaí ar fad.’’

‘’Tá ár sé thoradh uaillmhianach agus léirítear leo ár dtiomantas chun tírdhreach meán a rialáil, tacú leis agus a fhorbairt a bheidh mar bhonn taca ag cearta bunúsacha agus lena gcothaítear sochaí oscailte, dhaonlathach agus iolraíoch. De réir mar a thagann athrú ar thírdhreach meán na hÉireann, braithimid go bhfuil freagracht ar leith orainn a chinntiú go n-imreoimid tionchar ar thimpeallacht athraitheach na meán chun freastal níos fearr ar phobal na hÉireann, chun cloí le cearta bunúsacha, lena n-áirítear saoirse cainte, agus chun daoine, go háirithe páistí, a chosaint ar dhíobháil.’’

‘’Ó bunaíodh muid, d’fhorbraíomar réim rialála na hÉireann maidir le sábháilteacht ar líne, ár gCreat Sábháilteachta ar Líne, agus faoi láthair táimid á chur i bhfeidhm. Tá tacaíocht ríthábhachtach mhaoinithe curtha ar fáil againn freisin don earnáil léiriúcháin agus meán neamhspleách trínár Scéim Fuaim agus Fís agus Scéimeanna Iriseoireachta nua, agus tá tús curtha againn le clár athcheadúnaithe cuimsitheach do stáisiúin raidió agus teilifíse ar fud na hÉireann.’’

‘’Faoi threoir ár Ráitis Straitéise, agus le tacaíocht ónár gCláir Oibre bhliantúla, táimid ag tnúth le leanúint ar aghaidh le tírdhreach meán a chur ar fáil d’Éirinn atá rathúil, éagsúil, cruthaitheach, sábháilte agus iontaofa.’’

I measc na dtionscadal tosaíochta a leagtar amach i gClár Oibre 2025 Choimisiún na Meán, forbrófar clár píolótach do pháistí atá i ngarbhaol díobhála ó ábhar ar líne, forbrófar Straitéis um Ionracas Toghcháin ar fud na bhfoinsí meán ar fad, cruthófar ábhair oideachais maidir le fuath ar líne, ullmhófar Straitéis um Sheirbhísí Craolacháin nua agus Beartas athbhreithnithe um Iolrachas Meán, agus leanfar leis na Scéimeanna maoinithe Fuaim & Fís agus Iriseoireachta.