Foilsithe ar
Cheadaigh Coimisiún na Meán maoiniú €2.4 m don earnáil raidió tráchtála neamhspleách inniu (07.11.23) don earnáil raidió tráchtála neamhspleách faoin Scéim Maoinithe Craolacháin Fuaime & Físe 4. Tá na leithdháiltí ar stáisiúin raidió aonair idir €35,000 agus €95,000. Chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, an maoiniú ar fáil don bhabhta speisialta seo den scéim, atá á riar ag Coimisiún na Meán.
Bainfidh stáisiúin raidió tráchtála úsáid as an maoiniú seo chun cláir a chur ar fáil a chlúdaíonn réimse ábhar ar díol spéise iad dá n-éisteoirí, arna gcomhaontú i gcomhairle le Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann. Is iad seo a leanas na hábhair: Litearthacht sna Meáin; An tAthrú Digiteach; Inscne, Comhionannas, Éagsúlacht agus Cuimsiú, agus Pobail agus Pobail Leasa a Fhorbairt.
Seo mar a labhair an Coimisinéir um Fhorbairt na Meán, Rónán Ó Domhnaill: “Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis an Aire Martin as an maoiniú seo a chur ar fáil a chuirfidh ar chumas na hearnála raidió tráchtála neamhspleácha cláir nua agus bhreise d’ardchaighdeán a fhorbairt chun a lucht féachana a mhealladh ar fud na tíre. Cuideoidh an cistiú freisin le stáisiúin féachaint ar dheiseanna a chuireann le rannpháirtíocht lucht féachana trí ghníomhaíochtaí oiliúna agus for-rochtana, go háirithe do mhionlaigh agus do phobail nua.”
Tá liosta iomlán de na tionscadail rathúla atá á dtairiscint do Bhabhta 50 ar fáil le híoslódáil anseo.
Tá Babhta 51 den Scéim oscailte anois ar iarratais ar mhaoiniú ó chraoltóirí agus léiritheoirí neamhspleácha, agus is é an 14 Nollaig 2023 an spriocdháta don bhabhta seo. Is féidir tuilleadh sonraí a fháil anseo
CRÍOCH
Teagmháil Meáin: Joanne Ahern / Síona Cahill, DHR Communications, Teil: 087-9881837 / 087-7530255.
Gach ceist eile: Coimisiún na Meán, 01-6441200.
Nóta d’Eagarthóirí:
Maidir leis an Scéim Fuaime agus Físe:
Scéim maoinithe do chláir theilifíse agus raidió is ea Fuaim agus Fís 4, a bunaíodh faoi fhorálacha an Achta Craolacháin 2009 arna leasú. Tacaíonn an Scéim le cláir ardchaighdeáin a tháirgeadh maidir le cultúr, oidhreacht agus taithí na hÉireann, agus cláir chun litearthacht aosach a fheabhsú. Tá sé chuspóir don Scéim:
• Cláir ardchaighdeáin a fhorbairt bunaithe ar chultúr, oidhreacht agus taithí na hÉireann
• Na cláir seo a fhorbairt i nGaeilge
• Infhaighteacht na gclár dá dtagraítear thuas a mhéadú do lucht féachana sa Stát
• Ionadaíocht a dhéanamh ar éagsúlacht chultúr agus oidhreacht na hÉireann
• Oidhreacht bhéil na hÉireann agus gnéithe d ‘ oidhreacht na hÉireann atá ag dul i léig, atá i mbaol nó nár taifeadadh roimhe seo a thaifeadadh, agus,
• Craolachán áitiúil agus pobail a fhorbairt.
Faoi Choimisiún na Meán:
Is é Coimisiún na Meán coimisiún nua na hÉireann chun craoltóirí, seirbhísí ar éileamh, agus na meáin ar líne a rialáil, agus chun tacú le forbairt na meán. Bunaithe i mí an Mhárta 2023 faoin Acht um Shábháilteacht ar Líne agus um Rialáil Meáin 2022, tógann sé ar obair a réamhtheachtaí, Údarás Craolacháin na hÉireann. Tá sé freagrach as tírdhreach meán rathúil agus éagsúil na hÉireann a chinntiú agus a chothabháil a éascaíonn meascán de ghuthanna, tuairimí agus foinsí nuachta agus cúrsaí reatha, chomh maith le timpeallacht shábháilte ar líne.
Is iad a fhreagrachtaí ná: