Gach Nuacht

Imeachtaí an Choimisiúin Eorpaigh in aghaidh X maidir le sáruithe féideartha ar Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha an AE

Foilsithe ar

20,12,2023

Is eol do Choimisiún na Meán go bhfuil tús curtha ag an gCoimisiún Eorpach le himeachtaí foirmiúla i gcoinne X as sáruithe féideartha ar An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA). Cuirfidh Coimisiún na Meán cúnamh ar fáil don Choimisiún Eorpach san imscrúdú seo.

Cuirfidh Coimisiún na Meán an DSA in Éirinn i bhfeidhm ón 17 Feabhra 2024, nuair a thiocfaidh an reachtaíocht i bhfeidhm go hiomlán agus cumhachtaí foirmiúla an Choimisiúin de réir mar a thosaíonn Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na hÉireann. Beidh forfheidhmiú an Choimisiúin ar an DSA mar chuid de chreat foriomlán sábháilteachta ar líne na hÉireann, in éineacht leis an dréacht-Chóid um Shábháilteacht ar Líne, atá ar fáil le haghaidh comhairliúcháin agus le Rialachán an AE maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne.

Faoin DSA, roinntear an fhreagracht as maoirseacht a dhéanamh ar Ardáin an-Mhór ar Líne agus ar Innill Chuardaigh idir an Coimisiún Eorpach agus rialtóir an Bhallstáit ina bhfuil a cheanncheathrú san Aontas ag an tseirbhís. Tá a gceanncheathrú in Éirinn ag trí cinn déag de na naoi nArdán An-Mhór ar Líne agus Innill Chuardaigh a ainmníodh go dtí seo, X san áireamh. Tá Coimisiún na Meán ag obair go dlúth leis an gCoimisiún Eorpach agus le rialtóirí Eorpacha eile chun ullmhú don DSA.

CRÍOCH

Teagmháil do na meáin: Joanne Ahern, DHR Communications, Teil: 087-9881837, Ríomhphost: media.cnam@dhr.ie.

Gach ceist eile: Coimisiún na Meán, 01-6441200.

Faoi Coimisiún na Meán:

Is é Coimisiún na Meán coimisiún nua na hÉireann chun craoltóirí, seirbhísí ar-éileamh agus na meáin ar líne a rialáil, agus chun tacú le forbairt na meán. Bunaithe i mí an Mhárta 2023 faoin Acht um Shábháilteacht ar Líne agus um Rialáil Meáin 2022, tógann sé ar obair a réamhtheachtaí, Údarás Craolacháin na hÉireann. Tá sé freagrach as tírdhreach meán rathúil agus éagsúil na hÉireann a chinntiú agus a chothabháil a éascaíonn meascán de ghuthanna, tuairimí agus foinsí nuachta agus cúrsaí reatha, chomh maith le timpeallacht shábháilte ar líne.

Is iad a fhreagrachtaí ná:

  • Maoirseacht a dhéanamh ar mhaoiniú earnáil na meán níos leithne in Éirinn agus tacú lena forbairt.
  • Maoirseacht a dhéanamh ar rialáil seirbhísí craolacháin agus físeáin ar éileamh.
  • Córas rialála na hÉireann a fhorbairt agus a fhorfheidhmiú maidir le sábháilteacht ar líne.