Baineann an DSA le heagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí idirghabhálaí ar líne san Aontas Eorpach (AE). Áirítear leis seo eagraíochtaí a sholáthraíonn stóráil, tarchur agus/nó nochtadh faisnéise do thríú páirtithe ar líne ar iarratas ó fhaighteoirí seirbhíse. Tá trí chineál seirbhíse, ar a dtugtar seirbhísí idirghabhálaí, atá aitheanta:
Seribhís ‘iomchainéal’
Seirbhís ‘taisceadh’
Seirbhís ‘óstála’ (ardáin ar líne san áireamh)
Tá feidhm ag rialacha an DSA maidir le gach Soláthraí Seirbhíse Idirghabhálacha (ISPanna) a thairgeann a gcuid seirbhísí san AE cibé an bhfuil siad bunaithe san AE nó lasmuigh de. I dtéarmaí oibleagáidí a bhaineann leis an soláthraí seirbhíse, déanann an DSA idirdhealú idir na catagóirí éagsúla.
********************************************************************************************
Catagóirí Soláthraithe Seirbhíse Idirghabhálacha
Catagóir 1: Soláthraithe Seirbhíse Idirghabhálacha
Catagóir 2: Soláthraithe Seirbhíse Óstála
Catagóir 3: Ardáin Ar Líne
Catagóir 4: Ardáin Ar Líne An-Mhór agus Innill Chuardaigh Ar Líne An-Mhór
Chun eolas a fháil maidir le pointe teagmhála amháin a sholáthar, lean ar aghaidh go dtí an chéad phointe eile.
Athraíonn na hoibleagáidí a chuirtear i bhfeidhm ar sholáthraithe seirbhíse de réir mhéid nó chatagóir an tsoláthraí. Mar chéad chéim beidh ar sholáthraí a chinneadh cé acu de na ceithre chatagóir lena mbaineann sé, ag tabhairt faoi deara go bhféadfadh aonán aonair a sholáthraíonn seirbhísí iolracha a bheith i níos mó ná catagóir amháin. Níl na hoibleagáidí thíos na hoibleagáidí iomlán, féach le do thoil ar phacáiste an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha le haghaidh forbhreathnú mionsonraithe ar an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha.
Oibleagáidí do gach Soláthraí Seirbhíse Idirghabhálacha (catagóirí 1, 2, 3, 4)
Oibleagáidí maidir le gach seirbhís óstála (catagóirí 2, 3, 4)
Oibleagáidí maidir le gach ardán ar líne (catagóirí 3, 4)
Oibleagáidí maidir le gach ardán agus inneall cuardaigh ar líne an-mhór (catagóir 4)
Eolas faoin Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha ón Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta: An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha – DETE (enterprise.gov.ie)
Téacs dlíthiúil iomlán an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha: Rialachán – 2022/2065 – EN – an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha – EUR-Lex (europa.eu)
Ceisteanna agus Freagraí ón gCoimisiún Eorpach ar An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha: Ceisteanna agus Freagraí ar An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha* (europa.eu)
Faoi Airteagal 40 den Acht um Sheirbhísí Digiteacha (DSA), beidh taighdeoirí grinnfhiosrúcháin in ann sonraí a iarraidh ó ardáin an-mhóra ar líne (VLOPanna) nó ó innill chuardaigh (VLOSEanna) chun taighde a dhéanamh ar rioscaí sistéamacha san AE. Éilíonn sé sin Acht Tarmligthe a bhfuil sé beartaithe a ghlacadh in Earrach 2024.
De réir Airteagal 11 den DSA, tá sé de dhíth ar sheirbhísí idirghabhálaí pointe teagmhála amháin a ainmniú ionas go mbeidh siad in ann cumarsáid dhíreach a dhéanamh, trí mheán leictreonach, le húdaráis na mBallstát, leis an gCoimisiún Eorpach agus leis an mBord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha.
Féadfar ainmniúcháin phointí teagmhála ó sheirbhísí idirghabhála (nó a n-ionadaithe dlíthiúla) atá bunaithe in Éirinn a chur in iúl do Choimisiún na Meán. Is féidir ainmniúcháin nó ceisteanna a chur chuig article11dsadesignations@cnam.ie.
Ainmniú ionadaithe dlíthiúla in Éirinn ag soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha de bhun Airteagal 13 den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha (‘GSD’)
Ceanglaítear le hAirteagal 13 de GSD ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha, nach bhfuil a bpríomhbhunaíocht san Aontas Eorpach (‘AE’), ach a chuireann seirbhísí ar fáil san Aontas, ionadaí dlíthiúil a ainmniú i scríbhinn i gceann de na Ballstáit ina bhfuil a gcuid seirbhísí á gcur ar fáil acu. Is féidir leis an ionadaí dlíthiúil a bheith ina dhuine dlítheanach nó ina dhuine nádúrtha.
Tá Coimisiún na Meán freagrach as ainmnithe a fháil d’ionadaithe dlíthiúla in Éirinn.
Ní mór do sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha ainmniúcháin a eisiúint ar pháipéarachas ceannchlóite a chuideachta agus ní mór do dhuine atá údaraithe go cuí iad a shíniú.
Ní mór an fhaisnéis seo a leanas a bheith sa litir ainmniúcháin:
Tá sé d’oibleagáid ar sholáthraithe na seirbhísí idirghabhálacha a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis ar fáil go poiblí, go bhfuil rochtain éasca uirthi, go bhfuil sí cruinn agus go gcoinnítear cothrom le dáta í.
Ní mór ainmniúcháin ionadaithe dlíthiúla in Éirinn a chur in iúl don Choimisiún. Is féidir ainmniúcháin nó ceisteanna a chur chuig article13dsadesignations@cnam.ie.
Le hAirteagal 21 den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha tugtar teidlíocht d’fhaighteoirí seirbhíse chun comhlacht deimhnithe um réiteach díospóide lasmuigh den chúirt (ODS) a roghnú chun díospóidí a bhaineann le cinntí na n-ardán ar líne a réiteach, lena n-áirítear gearáin nár réitíodh trí mheán an chórais láimhseála gearán inmheánach ar ardán ar líne. Níl cinntí na gcomhlachtaí ODS ceangailteach.
Chun deimhniúchán a fháil mar chomhlacht ODS ní mór don iarrthóir na coinníollacha seo a leanas, mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Ghníomh, a chomhlíonadh.
D’fhéadfadh comhlachtaí atá bunaithe in Éirinn iarratas a dhéanamh chuig an gCoimisiún chun deimhniúchán a fháil faoi Airteagal 21. D’fhorbair an Coimisiún an Fhoirm Iarratais agus Treoir thíos.
Más mian leat iarratas a dhéanamh ar dheimhniú nó má tá aon cheist agat maidir leis an bpróiseas deimhnithe, seol ríomhphost go outofcourtapplications@cnam.ie.
Sainordaítear le hAirteagal 22 den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha go ndéanfaidh soláthraithe ardán ar líne na bearta is gá chun a áirithiú go dtugtar tosaíocht leis na fógraí arna gcur isteach ag Comharthóirí Iontaofa, ag gníomhú dóibh laistigh dá réimse ainmnithe saineolais, a phróiseáil agus go ndéanfar cinneadh ina leith gan moill mhíchuí.
Chun stádas mar Chomharthóir Iontaofa a bhaint amach, ní mór don iarrthóir roinnt coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 22 a chomhlíonadh. Ní mór don iarrthóir an méid seo a leanas a léiriú:
D’fhéadfadh comhlachtaí atá bunaithe in Éirinn iarratas a dhéanamh chuig an gCoimisiún chun stádas mar Chomharthóir Iontaofa a ghnóthú faoi Airteagal 22. D’fhorbair an Coimisiún an Fhoirm Iarratais agus Treoir thíos.
Más mian leat iarratas a dhéanamh ar stádas mar Chomharthóir Iontaofa nó má tá aon cheist agat maidir leis an bpróiseas iarratais, seol ríomhphost go trustedflaggerapplications@cnam.ie.
Le haghaidh ceisteanna ginearálta faoi Coimisiún na Meán déan teagmháil le do thoil le info@cnam.ie
Le haghaidh fiosrúcháin ó thomhaltóirí faoin DSA nó chun gearán a dhéanamh bain úsáid as ár n-ionad teagmhála do thomhaltóirí le do thoil + 353 1 963 7755 | usersupport@cnam.ie.
Má dhéanann tú ionadaíocht ar sholáthraí seirbhíse idirghabhálacha agus má tá ceist agat nach dtugtar freagra uirthi anseo, déan teagmháil le do thoil dsa@cnam.ie.
Chun faisnéis a chur isteach mar a éilíonn an DSA chuig rialtóir áitiúil nó chuig an gCoimisiún Eorpach bain úsáid as, le do thoil dsa@cnam.ie.
Chun eolas a fháil faoin mbunachar sonraí trédhearcachta tabhair cuairt le do thoil ar https://transparency.dsa.ec.europa.eu/