Cé muid féin
Is é Coimisiún na Meán (“An Coimisiún”, “muidne”, “ár”) coimisiún na hÉireann chun craoltóirí, soláthraithe seirbhísí meán ar éileamh (“soláthraí ar éileamh”), soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha (“soláthraí seirbhíse idirghabhálaí” nó “ISP”) a rialáil agus tacú le forbairt na meán. Leasaigh an tAcht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán 2022 an tAcht Craolacháin 2009 (arna leasú, “Acht 2009”) chun an Coimisiún a bhunú agus chun Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) A dhíscaoileadh.
Táimid freagrach as tírdhreach rathúil ilghnéitheach meán a chinntiú agus a chothabháil in Éirinn a éascaíonn meascán de ghuthanna, tuairimí agus foinsí nuachta agus cúrsaí reatha, chomh maith le timpeallacht shábháilte ar líne.
I measc na bhfreagrachtaí atá orainn tá:
- Córas rialála na hÉireann maidir le sábháilteacht ar líne a fhorbairt agus a fhorfheidhmiú.
- Maoirseacht a dhéanamh ar rialáil seirbhísí craolacháin agus físeáin ar éileamh.
- Maoirseacht a dhéanamh ar mhaoiniú earnáil na meán níos leithne in Éirinn agus tacú léi.
Ina theannta sin, faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (Rialachán (AE) 2022/2065) (an “DSA”), is é an Coimisiún Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na hÉireann (DSC). Tá sé mar aidhm ag an DSA timpeallacht ar líne níos sábháilte a sholáthar i leith seirbhísí ar líne agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha agus díobhálacha ar líne agus scaipeadh na bréagaisnéise a chosc. Mar DSC, tá feidhmeanna maoirseachta agus forfheidhmithe ag an gCoimisiún chomh maith le ról maidir le comhordú agus comhoibriú le húdaráis náisiúnta eile agus le húdaráis eile AE a rialaíonn ábhar ar líne freisin.
Cosaint Sonraí
Bailíonn agus próiseálann an Coimisiún sonraí pearsanta le linn dó a fheidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh faoin DSA agus faoi Acht 2009, lena n-áirítear freagairt do cheisteanna meán agus craolta, déileáil le gearáin, maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh leis an DSA agus imscrúduithe a dhéanamh.
Is é cuspóir an Ráitis Príobháideachais seo daoine aonair a bpróiseálaimid a sonraí pearsanta (“tusa”, “do”) a chur ar an eolas faoi na sonraí a bhaineann leat a bhailímid, na húsáidí a d’fhéadfaimis a bhaint as sonraí den sórt sin sa chomhthéacs seo, cad iad na cearta atá agat maidir le do shonraí agus conas iad a fheidhmiú.
Is é Coimisiún na Meán rialaitheoir na sonraí pearsanta a bhfuil cur síos orthu sa Ráiteas Príobháideachais seo.