Is féidir leat gearán a dhéanamh faoi chraoltaí raidió nó teilifíse nó ábhar cláir ar sheirbhís meán closamhairc ar éileamh (“Físeán ar Éileamh”) má chreideann tú nár comhlíonadh leis an méid sin caighdeáin a leagtar amach i reacht (Cuid 3B den Acht Craolacháin 2009) agus/nó i gcód nó riail maidir le seirbhís meán. Is iad seo a leanas na caighdeáin reachtúla agus rialála ag a bhfuil feidhm maidir le cineálacha éagsúla ábhair nó seirbhísí:
Na cláir uile (i.e. ábhar neamhthráchtála)
- Díobháil, cion, gríosú, agus údarás an Stáit (alt 46J den Acht Craolacháin 2009)
Ní chraolfaidh craoltóir, ná ní chuirfidh soláthraí seirbhíse meán closamhairc ar éileamh ar fáil i gcatalóg den tseirbhís—
a) aon ní a bhféadfaí a mheas le réasún gur ní é is cúis le díobháil nó cion míchuí a dhéanamh,
b) aon ní a bhféadfaí a mheas le réasún gur ní é ar dóigh dó coireacht a chur chun cinn nó a ghríosú,
c) aon ní a bhféadfaí a mheas le réasún gur iompar é a thagann faoi réim Airteagal 5 de Threoir (AE) 2017/541 a bhaineann le briogadh poiblí chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh,
d) aon ní a bhféadfaí a mheas le réasún gur ní é ar dóigh dó gríosú chun foréigin nó fuatha in aghaidh grúpa daoine, nó comhalta de ghrúpa, bunaithe ar aon cheann de na forais dá dtagraítear in Airteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, arb éard iad gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, treoshuíomh gnéasach agus náisiúntacht, nó
e)aon ní a bhféadfaí a mheas le réasún gur de ghné é a dhéanfadh dochar d’údarás an Stáit.
- Príobháideachas (alt 46K den Acht Craolacháin 2009)
Áiritheoidh craoltóir nach ndéanfar, i gcláir a chraolann an craoltóir, agus sna modhanna a úsáidtear chun na cláir sin a dhéanamh, cúngú míréasúnach ar phríobháideachas aon phearsan aonair.
Áiritheoidh soláthraí seirbhíse meán closamhairc ar éileamh nach ndéanfar, i gcláir a áirítear i gcatalóg den tseirbhís, agus sna modhanna a úsáidtear chun na cláir sin a dhéanamh, cúngú míréasúnach ar phríobháideachas aon phearsan aonair.
Leis an gCód sin leagtar amach na caighdeáin ag a bhfuil feidhm maidir leis na cláir uile (i.e. ábhar neamhthráchtála) a chraolann craoltóirí a rialaítear in Éirinn. Níl feidhm ag an gCód sin maidir le seirbhísí físeáin ar éileamh*.
An nuacht agus cúrsaí reatha
I dteannta na gcaighdeán ag a bhfuil feidhm maidir leis na cláir uile (féach thuas), le hábhar nuachta agus cúrsaí reatha ó chraoltóirí agus soláthraithe físeáin ar éileamh áirithe** ní mór an méid seo a leanas a chomhlíonadh freisin:
- An Nuacht agus Cúrsaí Reatha (alt 46L den Acht Craolacháin 2009)
Déanfaidh craoltóir, i gcláir a chraolann sé nó sí, agus soláthraí seirbhíse meán ábhartha, i gcláir a chuireann sé nó sí ar fáil i gcatalóg den tseirbhís áirithe, an méid seo a leanas a áirithiú:
a) go ndéanfar an nuacht a thuairisciú agus a chur i láthair ar bhealach oibiachtúil agus neamhchlaonta agus gan aon tuairim de chuid an chraoltóra ná an tsoláthraí a chur in iúl, agus
b) go ndéanfar, nuair atáthar ag déileáil le cúrsaí reatha, lena n-áirítear ábhair is ábhair conspóide poiblí nó is ábhair díospóireachta poiblí i láthair na huaire, cothrom na féinne a thabhairt do na leasanna uile lena mbaineann, agus nó go gcuirfear an t-ábhar a chraoltar nó a chuirtear ar fáil i láthair go hoibiachtúil agus go neamhchlaonta gan aon tuairim de chuid an chraoltóra ná an tsoláthraí féin a chur in iúl.
Mura mbeidh sé indéanta ceanglais chothroime, oibiachtúlachta agus neamhchlaontachta a chomhlíonadh i gcúrsaí reatha i gclár amháin, is féidir dhá chlár nó níos mó a mheas ina n‑iomláine más rud é:
a) i gcás ina gcraoltar na cláir, go gcraoltar iad laistigh de thréimhse réasúnach ó chéile, nó
b) i gcás ina gcuirtear na cláir ar fáil ar sheirbhís físeáin ar éileamh ábhartha, go gcuirtear ar fáil iad ar an mbealach céanna ar an tseirbhís laistigh de thréimhse réasúnach ó chéile.
Leis na ceanglais chothroime, oibiachtúlachta agus neamhchlaontachta, ní chuirtear cosc ar chraoltóirí ná soláthraithe seirbhíse meán ábhartha cláir páirtí polaitíochta a chraoladh nó a chur ar fáil ar choinníoll nach dtugann aon duine díobh seo a leanas tosaíocht mhíchothrom d’aon pháirtí polaitiúil:
a) craoltóir, agus am á leithdháileadh le haghaidh na gclár sin, nó
b) soláthraí seirbhíse meán ábhartha, agus na cláir sin á láithriú i gcatalóg den tseirbhís ábhartha.
An ceanglas atá ar chraoltóir nó soláthraí seirbhíse meán ábhartha gan a chuid tuairimí nó a cuid tuairimí a chur in iúl, níl feidhm aige maidir leis an nuacht nó cúrsaí reatha a bhaineann le togra, ar togra é:
a) a bhaineann le beartas a mhéid a bhaineann le craoladh is ábhair chonspóide poiblí nó is ábhair díospóireachta poiblí reatha, agus
b) atá á bhreathnú ag an Rialtas nó ag an Aire.
Áiritheoidh craoltóirí raidió, maidir leis an am a chaitear i mbun na nuachta agus cúrsaí reatha a chraoladh ar an tseirbhís—
a) nach mbeidh sé níos giorra ná 20 faoin gcéad d’am craolacháin na seirbhíse, agus
b) má sholáthraítear an tseirbhís ar feadh tréimhse is faide ná 12 uair an chloig in aon lá ar leith, nach mbeidh sé níos giorra ná 2 uair an chloig d’am craolacháin na seirbhíse idir 07.00 uair agus 19.00 uair,
mura rud é go mbeidh maolú údaraithe ag an gCoimisiún go hiomlán nó go páirteach ón gceanglas sin.
Leis an gCód sin leagtar amach na caighdeáin ag a bhfuil feidhm maidir leis an ábhar nuachta agus cúrsaí reatha a chraolann craoltóirí a rialaítear in Éirinn. Níl feidhm ag an gCód sin maidir le seirbhísí físeáin ar éileamh*. Le Riail 27 den Chód déantar foráil chun go n‑ullmhóidh an Coimisiún treoirlínte le haghaidh craoltóirí i ndáil le clúdach reifreann agus toghchán. Leis na treoirlínte sin déantar eolas do bhreithniú an Choimisiúin ar ghearáin maidir le clúdach reifreann agus toghchán a craoladh.
Ábhar tráchtála (fógraíocht, urraíocht, suíomh táirgí agus teilishiopadóireacht)
Leis an gCód sin leagtar amach na caighdeáin ag a bhfuil feidhm maidir le cumarsáid tráchtála (i.e. fógraíocht, urraíocht, suíomh táirgí agus teilishiopadóireacht) a chraolann craoltóirí a rialaítear in Éirinn. Níl feidhm ag an gCód sin maidir le seirbhísí físeáin ar éileamh*.
Leis an gCód sin leagtar amach na caighdeáin ag a bhfuil feidhm maidir le cumarsáid tráchtála lena gcuirtear chun cinn táirgí, seirbhísí nó gníomhaíochtaí a mheastar gur díol spéise áirithe iad do pháistí agus/nó a craoladh le linn cláir do pháistí agus eatarthu. Níl feidhm ag an gCód sin maidir le seirbhísí físeáin ar éileamh*.
- Fógraíocht (ailt 46M(2) nó (3), 106(3) agus 127(6) den Acht Craolacháin 2009)
Ní chraolfaidh craoltóir, ná ní chuirfidh soláthraí seirbhíse meán ábhartha** ar fáil i gcatalóg den tseirbhís ábhartha, fógrán:
a) atá dírithe ar chuspóir polaitíochta nó ag a bhfuil aon bhaint le díospóid tionscail, nó
b) lena dtugtar aghaidh ar an tsaincheist a bhaineann leis an tuillteanas nó le bheith ag cloí ar shlí eile le haon chreideamh reiligiúnach nó creidiúint, nó le bheith ag teacht chun bheith ina bhall d’aon reiligiún nó eagraíocht reiligiúnach.
Le seirbhísí craolacháin raidió (gan seirbhísí raidió seirbhíse poiblí a áireamh) áiritheofar gurb amhlaidh sa tseirbhís nach maireann an t‑am laethúil iomlán a chaitear ag craoladh fógrán tréimhse níos faide ná 15 faoin gcéad den am craolacháin laethúil iomlán.
Formheasann an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán na teorainneacha fógraíochta do sheirbhísí craolacháin RTÉ agus TG4.
Le haghaidh raidió na seirbhíse poiblí:
– ní mhairfidh an t‑am laethúil iomlán a chaitear ag craoladh fógrán tréimhse níos faide ná 15 faoin gcéad den am craolacháin laethúil iomlán; agus
– ní mhairfidh an uastréimhse a thugtar d’fhógráin in aon uair tréimhse 10 nóiméad.
Le haghaidh theilifís na seirbhíse poiblí:
– ní mhairfidh an t‑am a cheadaítear chun fógráin a chraoladh sa tréimhse idir 06.00 agus 18.00 agus sa tréimhse idir 18.00 agus 24.00 gach lá níos faide ná 20 faoin gcéad den am i ngach tréimhse.
Leis na rialacha sin leagtar síos teorainneacha maidir leis an méid fógraíochta agus teilishiopadóireachta a chraolann craoltóirí na hÉireann, seachas iad sin a leagtar amach i reacht nó atá leagtha síos ag an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Níl feidhm ag na Rialacha sin maidir le seirbhísí físeáin ar éileamh.
Seirbhísí rochtana (fotheidealú, Teanga Chomharthaíochta na hÉireann agus Tráchtaireacht Fuaime)
Leis na Rialacha sin, cinntear leibhéil an fhotheidealaithe, Theanga Comharthaíochta na hÉireann agus na tráchtaireachta fuaime a cheanglaítear ar chraoltóirí teilifíse in Éirinn a sholáthar. Leis na Rialacha sin soláthraítear treoraíocht freisin maidir le caighdeáin le haghaidh na seirbhísí rochtana sin. Níl feidhm ag na Rialacha sin maidir le seirbhísí físeáin ar éileamh.*
Cóipeanna d’ábhar cláir a choinneáil
- Cóipeanna d’ábhar cláir a choinneáil (alt 46P(1) nó (2) den Acht Craolacháin 2009)
Ceanglaítear ar chraoltóirí agus soláthraithe físeáin ar éileamh cóip a choinneáil den ábhar cláir uile a chraol/a sholáthair an craoltóir faoi chonradh craolacháin nó soláthair ábhair nó a cuireadh ar fáil i gcatalóg de sheirbhís físeáin ar éileamh (mar is infheidhme) ar feadh tréimhse arna cinneadh ag an gCoimisiún.
*Tá cóid agus rialacha seirbhísí meán á bhforbairt ag Coimisiún na Meán faoi láthair ag a mbeidh feidhm maidir le seirbhísí físeáin ar éileamh. Nuair atá siad sin in éifeacht, féadfar gearán a dhéanamh in aghaidh seirbhís físeáin ar éileamh i gcás ina gcreideann duine nár comhlíonadh le hábhar ar an tseirbhís sin cód ná riail seirbhíse meán.
**Níl feidhm ag na caighdeáin reachtúla i ndáil leis an nuacht agus cúrsaí reachta agus na toirmisc ar chineálacha áirithe fógraíochta ach maidir le fothacar de sholáthraithe físeáin ar éileamh (ailt 46L agus 46M(2)). Is soláthraithe físeáin ar éileamh iad sin ar daoine díobh seo iad freisin: (1) craoltóirí seirbhíse poiblí atá bunaithe le reacht, nó (2) sealbhóirí conarthaí craolacháin le Coimisiún na Meán, nó (3) daoine a fhoilsíonn nuachtán nó tréimhseachán arb é atá ann den chuid is mó clár nuachta agus cúrsaí reatha, craoltóirí, soláthraithe clár nuachta agus cúrsaí reatha do chraoltóirí nó soláthraithe nuachta agus cúrsaí reatha ar líne, AGUS iad sin ar mó ná 2 mhilliún a ndíolacháin bhliantúla ó na gníomhaíochtaí sin.