Eolas do Mhúinteoirí/Oideoirí

Tá sainchúram mór ag Coimisiún na Meán i rialáil agus i bhforbairt na meán. Tá a fhios againn go bhféadfadh sé a bheith deacair do mhúinteoirí agus d’oideoirí an t-am a fháil chun taighde a dhéanamh ar dhlíthe agus eagraíochtaí nua.

Gheobhaidh tú acmhainní éagsúla ar an leathanach seo chun cabhrú leat tuiscint níos fearr a fháil ar ról Choimisiún na Meán, ina measc pleananna ceachta agus físeán chun eolas a thabhairt do dhaltaí ar an gcaoi a gcosnaíonn Coimisiún na Meán cearta ar líne.

D’fhéadfadh ról Choimisiún na Meán agus a chumhachtaí chun cearta a chosaint ar líne a bheith ina ábhar spéise sna hábhair mheánscoile seo a leanas:

  • Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS)
  • Oideachas Saoránach Sóisialta Polaitiúil (OSSP)
  • Inniúlacht ar na Meáin Dhigiteacha (gearrchúrsa roghnach don Teastas Sóisearach)
  • Béarla
  • Oideachas san Eitic
  • An Pholaitíocht agus an tSochaí
  • Gnó
  • Stair

Ceapadh ár bpleananna ceachta chun cabhrú leat ról Choimisiún na Meán a chur i láthair do ranga agus chun iniúchadh a dhéanamh ar chearta faoinár gCreat Sábháilteachta ar Líne Treoir do Mhúinteoirí agus póstaeir in-íoslódáilte ar leith ag gabháil leis na pleananna ceachta seo.

Seo breac-chuntas ar a bhfuil i ngach plean ceachta:

Plean Ceachta don tSraith ShóisearachPlean Ceachta don tSraith Shinsearach
Ceacht PowerPoint
Bileog – Ceisteanna Coitianta do dhaltaí
Bileog – Gníomhaíocht
Bileog – Tábla de na dlíthe
Ceacht PowerPoint
Bileog – Ceisteanna Coitianta do dhaltaí
Bileog – Gníomhaíocht
Bileog – Tábla de na dlíthe
Ar fáil don tSraith Shóisearach agus don tStraith Shinsearach
Treoir don mhúinteoir
Póstaeir In-íoslódáilte
Grafaic Faisnéise In-íoslódáilte *

Tá an físeán thíos ina chuid den phlean ceachta. Tugtar cur síos ann ar na cearta a thugann ár gCreat Sábháilteachta ar Líne do dhaoine óga.

Cé nach bhfuil ár ngrafaic faisnéise* ceangailte lenár bplean ceachta, is achoimre cabhrach é do na cearta atá ag leanaí faoin ár gCreat Sábháilteachta ar Líne.

Déanfaimid an leathanach seo a nuashonrú go rialta le tuilleadh treorach agus acmhainní. Más mian leat aiseolas a thabhairt dúinn ar ár bplean ceachta, nó má tá aon treoir eile is mian leat a thabhairt dúinn, comhlánaigh an suirbhé gearr seo, le do thoil.

Má tá cabhair uait ábhar mídhleathach nó díobhálach a thuarisciú, léigh ar leathanch faoi conas gearráin a dhéanamh linn.

Ceisteanna Coitianta do Mhúinteoirí

Tháinig dalta chugam ag iarraidh cabhair a fháil chun ábhar mídhleathach a thuairisciú. Cad a dhéanfaidh mé?
Cad is brí le ‘freagra tráthúil'? An bhfuil aon treoirlínte ann maidir le cé chomh fada atá i gceist leis sin?
Cad é an chéad rud eile is féidir le Coimisiún na Meán a dhéanamh más féidir gur sháraigh ardáin an dlí?
An féidir le Coimisiún na Meán ábhar mídhleathach a bhaint dom féin nó do mo scoláirí?
Cad is gá domsa/do mo dhaltaí a dhéanamh má fheicim/má fheiceann siad ábhar díobhálach ar líne?
Táim buartha faoi ábhar sceimhlitheoireachta ar líne. Mar mhúinteoir, cad a dhéanfaidh mé má fheicim a leithéid?
Táim beagáinín neirbhíseach faoin ábhar seo a mhúineadh. Níl mórán eolais agam air, agus athraíonn sé go léir chomh tapa sin. An mbeidh níos mó acmhainní ar fáil ó Choimisiún na Meán ar ábhair eile?