Is é ceann de phríomh aidhm Choimisiún na Meán ná páistí agus daoine óga a chosaint ó ábhar díobhálach agus mídhleathach ar líne. Tuigimid más rud é go bhfeiceann páiste rud éigin díobhálach ar líne, ní féidir leo gan é a fheiceáil agus is féidir go mbeadh tionchar buan orthu mar gheall ar seo.
Bunaíodh Coimisiún na Meán i mí Márta 2023, agus ó sin I leith, tá rialacha agus dlíthe nua ann chun leanaí a chosaint ó dhíobháil ar líne.
Breathnaigh ar ár bhfíseán chun fios a bheith agat ar na cearta atá agat faoin ár gcreat Shábháilteacht ar Líne.
Má tá tú buartha faoi rud éigin a chonaic tú ar líne, nó má tá tú ag iarraidh ábhar a thuairisiciú ar líne, breathnaigh ar ár leathanach gearáin. Is féidir freisin dul I dteangmháil le Coimisiún na Meán trí ríomhphost a sheoladh go usersupport@cnam.ie má tá ceisteanna agat faoi conas ábhar a thuairiscáil.
Má tá ceisteanna eile agat faoi cad a dhéanamid nó cé atáimid, breathnaigh síos ar ár gceisteanna coitianta do dhaltaí. Má tá ceisteanna fós agat, is féidir leat dul I dteangmháil linn ar usereducation@cnam.ie.