Gach Nuacht

Tá Babhta 55 De Scéim Mhaonaithe Craolacháin Fuaim & Fís Oscailte

Foilsithe ar

15,10,2024

Tá buiséad táscach de €6.4m ar fáil faoin mBabhta seo.

D’oscail Coimisiún na Meán Babhta 54 den Scéim Mhaoinithe Craolacháin Fuaim & Fís inniu (15.10.2024).  Cuireann an Coimisiún fáilte roimh iarratais ar mhaoiniú ó chraoltóirí agus léiritheoirí neamhspleácha chun tacú le táirgeadh ábhar craolta atá luachmhar ó thaobh an chultúir de, lena n-áirítear ábhar i nGaeilge. 

Tá buiséad táscach de €6.4m ar fáil faoin mBabhta seo. Tagann €1m den mhéid seo mar mhaoiniú ón Státchiste a ghnóthaigh An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD. 

Féadfaidh iarratasóirí ionchasacha teacht ar na Treoracha agus Foirmeacha ábhartha do Bhabhta 55 trí na naisc thíos. Ní mór gach iarratas a chur isteach trí www.cnamonline.ie

Doiciméadú Iarratais Teilifíse 

Babhta 55 Treoir Teilifíse d’Iarratasóirí

Babhta 55 Foirm Iarratais Teilifíse

Doiciméadú Iarratais Raidió 

Babhta 55 Treoir Raidió d’Iarratasóirí

Babhta 55 Foirm Iarratais Raidió

Dúnfar an Babhta ar 12 meán lae géar ar 28 Samhain 2024.  

Reáchtálfaidh an Coimisiún seimineáir ar leith d’iarratasóirí ionchasacha Raidió agus Teilifíse. 

Cláraigh anseo le do thoil chun freastal ar sheimineár iarratasóra ag 11rn ar an 22 Deireadh Fómhair 2024.