Gach Nuacht

Seolann an Garda Síochána agus Coimisiún na Meán Pacáiste Eolais le comhairle sábháilteachta ar líne le haghaidh na nIarrthóirí Uilig san Olltoghchán

Foilsithe ar

08,11,2024

Inniu, (8ú Samhain), tá Coimisiún na Meán agus an Garda Síochána tar éis Pacáiste Eolais a fhoilsiú le haghaidh na n-iarrthóirí uilig atá le seasamh san Olltoghchán atá ag teacht aníos. Is é aidhm an phacáiste ná eolas a chur ar fáil maidir le róil an Gharda Síochána agus Choimisiún na Meán, agus le treoir a chur ar fáil d’iarrthóirí maidir leis an méid ba chóir dóibh a dhéanamh nuair atá ábhar nó iompar díobhálach agus/nó mídhleathach le feiceáil acu ar líne.

Sa Phacáiste tá eolas faoi roinnt sórt cásanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn an fheachtais agus faoi na bearta is féidir leis na hiarrthóirí a ghlacadh. Cuirtear tuilleadh eolais ar fáil maidir le cearta úsáideoirí faoi Chreat Sábháilteachta ar Líne Choimisiún na Meán agus maidir leis na bealaí tuairiscithe atá le húsáid ar ardáin éagsúla nuair atáthar in amhras faoi ábhar mídhleathach ar líne.

Ina ráiteas inniu, dúirt Leas-Choimisinéir na nOibríochtaí Póilíneachta ag an nGarda Síochána, Shawna Coxon, go bhfuil sé “tábhachtach go mbeadh gach duine ar a gcompord agus iad ag glacadh páirte i bpróiseas an toghcháin, cé acu i láthair go pearsanta nó ar líne. Sin an fáth a bhfuil an Garda Síochána agus Coimisiún na Meán agus obair le chéile chun tacú lenár ndaonlathas trí dhaoine a choinneáil slán ar líne le linn an toghcháin seo.”
Dúirt John Evans, an Coimisinéir Seirbhísí Digiteacha ag Coimisiún na Meán, “Tá sé tábhachtach go mothaíonn daoine go bhfuil sé de chumhacht acu seasamh mar iarrthóir i dtoghchán ar bith gan a misneach a chailliúint mar gheall ar dhrochíde nó iompar mídhleathach ar líne. Táimid ag iarraidh go dtacófaí leis an daonlathas agus le sláine na dtoghchán i dtírdhreach na meán, agus tá súil againn go gcuideoidh an pacáiste eolais seo le hiarrthóirí a gcearta ar líne a thuiscint chomh maith le conas is féidir leo cabhair a fháil, más gá. Táimid i dteagmháil le hardáin ar líne freisin maidir lena gcuid ullmhúchán don toghchán, agus tá súil againn go n-imreoidh siad a ról chun a chinntiú gur féidir le daoine roghanna saora, córa agus feasacha a dhéanamh maidir lena vóta a chaitheamh.”