
Inniu, an 14 Lúnasa 2023, d’fhoilsigh Coimisiún na Meán fógra maidir le hainmniú seirbhísí ardáin comhroinnte físeán mar chatagóir seirbhísí ar líne ábhartha faoi alt 139E den Acht Craolacháin 2009 mar a leasaíodh. Tiocfaidh an t-ainmniú seo i bhfeidhm ar 11 Meán Fómhair 2023.
Is féidir cóip den fhógra a fháil anseo.