Gach Nuacht

An nuacht is deireanaí: Straitéis Chomhlíontach Ríomhthráchtála

Foilsithe ar

12,10,2023

D’fhoilsigh an Coimisiún a Straitéis Chomhlíontach Ríomhthráchtála ar an 11 Iúil 2023 agus fuarthas aighneacht ó Technology Ireland ar an 16 Lúnasa 2023. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an aighneacht a fuarthas, tá an Coimisiún i ndiaidh a Straitéis Chomhlíontach Ríomhthráchtála a chur i gcrích. Tá cóip den Straitéis, a foilsíodh an 6 Deireadh Fómhair, ar fáil anseo.

Leagadh amach cur chuige an Choimisiúin maidir lena leanas a chinntiú sa straitéis:

(a) nach bhfuil aon riachtanas nach dtagann leis na srianta a cuireadh ar dhliteanas na soláthróirí seirbhíse idirghabhála faoi rialacháin 16 go 18 Rialacháin 2003 na gComhphobal Eorpach (Treoir 2000/31/EC) (I.R. Uimh. 68 de 2003), agus

(b) nach bhfuil aon oibleagáid ghinearálta ar sholáthróirí, nuair atá na seirbhísí faoi rialacháin 16 go 18 na Rialachán sin á gcur ar fáil acu, monatóireacht a dhéanamh ar an bhfaisnéis a scaipeann nó a stórálann siad, agus nach bhfuil oibleagáid ghinearálta orthu maidir le fíricí nó cúinsí a léiríonn gníomhaíocht neamhdhleathach a lorg go gníomhach, contrártha le hAlt 15 den Treoir maidir le Ríomhthráchtáil,

curtha i bhfeidhm, de bharr cód sábháilteachta ar líne, ábhar treorach nó fógraí comhairleacha maidir leis an tsábháilteacht ar líne.