Comhionannas, éagsúlacht & ionchuimsitheacht

Tá sé tábhachtach go léirítear éagsúlacht shochaí na hÉireann sa mhéid a bhféachann lucht féachana air, a n-éisteann siad leis agus a úsáideann siad. Chun tacú leis sin, oibrímid le craoltóirí chun comhionannas, éagsúlacht agus ionchuimsitheacht a chur chun cinn in earnáil na meán in Éirinn. 

Straitéis, maoiniú & forbairt

Cé go bhfuil go leor oibre déanta chun a chinntiú go bhfuil cothromaíocht idir daoine, guthanna, scéalta agus taithí saoil ar ár scáileáin agus ar na haerthonnta, tá níos mó fós le déanamh. Dá réir sin, tá an Straitéis um Inscne, Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht forbartha againn d’earnáil na meán ina dtugtar breac-chuntas ar ghníomhartha is féidir leis an earnáil a dhéanamh de réir mar a oibríonn sí i dtreo na sprice sin. Baineann roinnt gníomhartha, lena n-áirítear oiliúint, earcaíocht agus tionscnaimh dul chun cinn gairme leis an ionad oibre, agus baineann roinnt eile acu leis an ábhar a léirítear agus a chraoltar don lucht féachana agus éisteachta. Mar shampla, molaimid do léiritheoirí úsáid a bhaint as an mbunachar sonraí ‘Mná ar an Aer’, ar uirlis ar líne í a chabhraíonn le guthanna nua a shainaithint atá saineolach ina réimsí agus ar féidir leo cur le cláir.

Tá sé mar bhonn agus thaca ag ár gcuid oibre ar fad a chinntiú go bhfuil cothromas, éagsúlacht agus ionchuimsitheacht níos fearr ann ar fud thionscal na meán. Trínár scéim maoinithe Fuaim & Fís, cabhraímid le léiriú clár nua don scáileán agus don raidió a éascú a thugann éagsúlacht níos mó guthanna, scéalta agus peirspictíochtaí. Go ginearálta, méadaíonn an scéim infhaighteacht agus infheictheacht ábhar atá ábhartha ó thaobh cultúir de agus ábhar Gaeilge do lucht féachana agus éisteachta na hÉireann, ag tacú le feabhsú na cruthaitheachta agus na nuálaíochta, chomh maith le hinbhuanaitheacht níos fearr, laistigh de na hearnálacha craolacháin agus léiriúcháin neamhspleách.

Tacaíonn ár maoiniú agus urraíocht foghlama & forbartha earnála le reáchtáil – agus rochtain ar – oiliúint, imeachtaí, seimineáir agus comhdhálacha do thionscal na meán.

Inrochtaineacht ábhair

Mar rialtóir na meán craolta teilifíse in Éirinn, tá Rialacha Rochtana i bhfeidhm a bhfuil sé mar aidhm acu tuiscint agus taitneamh na gclár teilifíse a chur chun cinn i gcás daoine atá bodhar nó a bhfuil allaíre orthu, agus iad siúd atá dall nó breacamharcach. Baineann iad seo le soláthar seirbhísí rochtana lena n-áirítear fotheidealú, Teanga Comharthaíochta na hÉireann (ISL) agus tráchtaireacht fuaime, ag craoltóirí seirbhíse poiblí (RTÉ, TG4 agus Oireachtas TV), seirbhísí teilifíse tráchtála (Virgin Media TV) agus seirbhísí teilifíse pobail.

Tuilleadh eolais

Faigh tuilleadh eolais maidir lenár gcomhionannas, éagsúlacht & cuimsiú.