Tacaíocht & maoiniú
Tá sé mar aidhm ag ár scéimeanna maoinithe tacú le hábhar craoltóireachta atá luachmhar ó thaobh cultúir de a léiriú agus a chaomhnú agus feabhas a chur ar sholáthar nuachta atá ar ardchaighdeán, éagsúil, agus nuálach agus trácht a dhéanamh ar chúrsaí reatha. Maoinímid soláthraithe seirbhísí meán, léiritheoirí neamhspleácha, agus eagraíochtaí cultúrtha chun tionscadail a sheachadadh thar ceann an lucht féachana.
Is iad seo a leanas na scéimeanna maoinithe atá againn faoi láthair:
Foghlaim & forbairt
Tá sé mar chuid de shainchúram Choimisiún na Meán foghlaim agus forbairt a spreagadh agus tacú léi in earnáil fuaime agus chlosamhairc na hÉireann.
Urraíocht
Tuigimid an tábhacht a bhaineann leis an raon tallainne agus cruthaitheachta a aithint agus a chur chun cinn ar fud earnáil na meán in Éirinn. Gach bliain, déanaimid urraíocht ar raon imeachtaí agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis na meáin a mhéadaíonn suntasacht agus infheictheacht ábhar atá ábhartha ó thaobh cultúir de do lucht féachana na hÉireann.