An Scéim um Chartlannú
Tá sé mar aidhm ag an Scéim um Chartlannú tacú le cultúr cartlannaithe a fhorbairt in earnáil chraoltóireachta na hÉireann trí thionscnaimh a mhaoiniú a chaomhnaíonn ábhar a thaifeadtar lena chraoladh ar an raidió nó ar an teilifís.
Seo thíos roinnt samplaí de thionscadail a maoiníodh le déanaí.
Cartlann Fhógraí na hÉireann
Maoiníodh Cartlann Scannán na hÉireann de chuid an IFI chun bailiúchán mór d’fhógraí teilifíse scannán 35mm a rinneadh sna 1960idí, 1970í, agus 1980í a chatalógú, a dhigitiú, a athchóiriú, agus a chaomhnú. Rinneadh fógraí seo le craoladh ar theilifís na hÉireann ag roinnt gníomhaireachtaí fógraíochta Éireannacha bisiúla, ina measc Wilson Hartnell, Birchall, Hunter, agus Arks, do chorparáidí éagsúla (idir cinn Éireannaigh agus chinn idirnáisiúnta).
Bhí an bailiúchán de bheagnach 8,000 rolla scannáin á choimeád i stórais thaise le blianta fada. Mar gheall ar dhrochdhálaí stórála, tháinig meath fisiciúil agus fíniú múscáin air sular aistríodh é chuig Cartlann Scannán na hÉireann de chuid an IFI i lár na 1990idí. Tá an t-ábhar seo slánaithe ag foireann na Cartlainne trí phróisis mhionchúiseacha, lena n-áirítear measúnú fráma ar fhráma, caomhnú fairsing fisiceach agus ceimiceach, scanadh, agus athchóiriú digiteach. Rinneadh catalógú agus caomhnú ar an mbailiúchán freisin de réir dea-chleachtas idirnáisiúnta, agus ar an gcaoi sin é a chosaint don todhchaí agus é a dhéanamh inrochtana go forleathan den chéad uair. Leis an tionscadal seo, cruthaíodh cartlann mhór fógraíochta teilifíse na hÉireann ina bhfuil déantáin chuimhne náisiúnta agus chultúrtha. Tabhair cuairt ar an gcartlann ar líne
Bailiúchán Dioscaí Aicéatáite RTÉ
In 2023, le maoiniú ón Scéim um Chartlannú, chuir Cartlann RTÉ bailiúchán taifeadtaí fuaime ar fáil don phobal a bhí a bhí ar théipeanna aicéatáite ar dtús agus a rinneadh idir deireadh na 1930idí agus tús na 1970idí. Áirítear ar na taifeadtaí maisíochtaí fuaime, léirithe, agallaimh, agus tuariscí a cruthaíodh chun cláir raidió a léiriú. Tá roinnt craoltaí nuachta agus clár iomlán ann freisin.
Is é an bailiúchán seo an fhormáid taifeadta fuaime is luaithe atá i seilbh Chartlann RTÉ, agus baineadh úsáid as na dioscaí chun ábhar a thaifeadadh agus a chraoladh roimh theacht na téipe maighnéadaí. Bhí an próiseas taifeadta diosca seo oiriúnach chun fuaim a ghabháil ar an láthair agus i stiúideo. B’iondúil go ndéantaí na dioscaí as alúmanam le sciath laicir, agus ghearrtaí an comhartha fuaime go díreach isteach in eitre i laicear diosca bháin. Tá an bailiúchán iomlán ar fáil don phobal.
Bailiúchán na Lúblíne
Is taisce é Bailiúchán na Lúblíne de chláir faisnéise atá stóráilte anois i gCartlann Scannán na hÉireann de chuid an IFI, a roghnaigh Sé Merry Doyle as an tábhacht chultúrtha agus shóisialta a bhaineann leo. Cuimsíonn an bailiúchán príomhréimsí de stair agus ealaíona na hÉireann agus tá go leor íomhánna iontacha ann ina léirítear sochaí laethúil na hÉireann i suíomhanna uirbeacha. Díríonn an scannánóir ar fhéiniúlacht náisiúnta i ndomhan atá ag athrú. Tá méid mór d’ábhar uirbeach sa bhailiúchán a thugann léargas ar thírdhreach athraitheach Bhaile Átha Cliath, ar na foirgnimh agus na bealaí maireachtála ann. I measc na scannán tá íomhánna atá thar a bheith ábhartha ó thaobh na staire de amhail glanadh na slumaí, dúnadh na margaí traidisiúnta, agus cuntais thragóideacha faoi dhéagóirí óga a bhí ag fáil bháis de bharr eipidéim hearóine na 90idí luatha. Thóg an tionscadal cartlannaithe bliain amháin le cur i gcrích, agus tá rogha teideal ar fáil le féachaint orthu ar Sheinnteoir IFI.
Tionscadal na bhFógraí Guinness
Chuaigh Cartlann Guinness i gcomhpháirtíocht le Cartlann Scannán na hÉireann de chuid an IFI chun bailiúchán d’fhógraí 16mm agus 35mm a rinneadh sna 1950idí, 1960í, 1970í , 1980í agus 1990í a chatalógú, a dhigitiú agus a chaomhnú, rud a fhágann gurb é an bailiúchán fógraíochta branda is mó atá ar fáil go poiblí in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. An bailiúchán fógraí, a cruthaíodh chun Guinness a fhógairt do lucht féachana teilifíse na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe, léirítear ann saibhreas tallainne taobh thiar den cheamara agus os comhair an cheamara araon, lena n-áirítear na stiúrthóirí Alan Parker, Tony agus Ridley Scott; ceol ó na healaíontóirí Elkie Brooks, Clannad agus na Chieftains; agus neart daoine a bhfuil cáil orthu amhail Pete Postlethwaite, Bill Nighy, Robert Lindsay agus Jon Pertwee. Chomh maith lena chumas cumha a mhúscailt, gabhann an bailiúchán fógraí seo tráthanna sa stair chultúrtha agus shóisialta i dtréimhse 50 bliain. Tugann sé léargas an-spéisiúil ar léirithe athraitheacha ar an Éireannachas sa bhaile agus thar lear, ar róil inscne atá ag athrú agus ar ról an tí tábhairne i sochaí na hÉireann a bhíonn de shíor ag athrú. Tá athrú tagtha ar fhógraí Guinness le himeacht na mblianta agus bíonn siad ag athrú go leanúnach chun rialacha sochaí agus fógraíochta atá ag athrú a chur san áireamh. D’fhéadfadh éilimh stairiúla ar tháirgí nach bhfuil formhuinithe ag Diageo anois a bheith sna fógraí seo. Agus na fógraí seo á gcur ar fáil againn, níl sé i gceist againn buntáistí an óil a chur chun cinn ach fógraíocht stairiúil Guinness a thaispeáint ina chomhthéacs bunaidh. Brabhsáil an bailiúchán
Tuilleadh eolais
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Scéim nó chun tuilleadh eolais a fháil faoi iarratas a dhéanamh, téigh chuig ár leathanach maidir le Tionscal na Scéime um Chartlannú
Is féidir ceisteanna a bhaineann leis an Scéim a sheoladh chuig [email protected]