A bheith sábháilte ar líne

Cé gur féidir leis an saol ar líne neart deiseanna a chur ar fáil, tá a fhios againn nach mbíonn eispéiris dhearfacha ag daoine óga ansin i gcónaí, faraor. Is féidir é a bheith deacair a bheith ar líne mar gheall ar bhulaíocht, tuairimí suaracha agus fothaí nimhneacha. Seo a leanas roinnt príomhleideanna maidir le rudaí is féidir leat a dhéanamh chun é a dhéanamh níos dearfaí.

Príomhleideanna

  1. Bain úsáid as pasfhocail láidre agus ná roinn le daoine eile iad: 
    Samhlaigh gurb é do phasfhocal do scuab fiacla – ná roinn le daoine eile é agus athraigh go rialta é.
  2. Bain úsáid as socruithe príobháideachta: 
    Bí cúramach cé a ndéanann tú teagmháil leo ar líne agus bíodh do chuntais meán sóisialta nó cluichíochta príobháideach.   
  3. Bíodh smacht agat ar d’eispéireas:   
    Déan postálacha nó cuntais a chuireann isteach ort a bhlocáil, a mhúchadh nó a thuairisciú. Ná déan comparáid idir tú féin agus daoine eile ar líne. Glac smacht ar ais agus déan tú féin a thimpeallú le dearfacht; breathnaigh go géar ar na cuntais a leanann tú agus cuir i gcuimhne duit féin an fáth a bhfuil tú á leanúint – An gcuireann siad ag gáire thú? An bhfoghlaimíonn tú uathu? An eiseamláir iad? Má thugann tú faoi deara go mbraitheann tú féin brónach tar éis am a chaitheamh ar líne, smaoinigh gan tionchairí nó cuntais a leanúint a chuireann in ísle brí tú nó a fhágann go mbraitheann tú go dona fút féin.   
  4. Bain úsáid as rialuithe folláine digití:   
    Tá amadóirí agus rialuithe ann a chuireann ar chumas duit súil a choinneáil ar an méid ama a chaitheann tú ar líne. Bain úsáid astu seo chun a bheith aireach agus toiliúil faoin am a chaitheann tú ar líne. Aimsigh cothromaíocht idir an t-am a chaitheann tú ar líne agus rudaí eile san fhíorshaol a thugann sásamh duit, amhail breathnú ar an tsraith is fearr leat, éisteacht le ceol, bualadh le cara nó leabhar a léamh. 
  5. Stop, Smaoinigh, Seiceáil:   
    Is minic a dheartar rudaí a fheicimid ar líne chun freagairt ar an toirt a spreagadh. Déan iarracht moilliú nuair a théann tú i ngleic le hábhar ar líne. Stop sula ndéanann tú beart, amhail postáil a roinnt nó rud éigin a cheannach. Smaoinigh an bhfuil an méid atá á fheiceáil agat cruinn, nó má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait sula roinnfidh tú é nó sula ndéanfaidh tú trácht air. Cuimhnigh an méid a fheiceann tú ar líne a sheiceáil i gcónaí chun a chinntiú nach bhfuil an dallamullóg á chur ort.  
  6. Aithin é, Déan nóta de, Cuir stop leis: 
    Chun idirlíon níos fearr a bheith ann, tuairiscigh ábhar díobhálach nó mídhleathach don ardán ar a bhfaca tú den chéad uair é. Tá ról againn go léir maidir le spásanna níos sábháilte agus níos dearfaí ar líne a chruthú.
  7. Smaoinigh sula ndéanann tú postáil agus bí cineálta ar líne: 
    Cé go bhfuil sé ceart go leor easaontú go measúil le daoine eile ar an idirlíon, tá sé tábhachtach i gcónaí a bheith cineálta, go díreach mar atá san fhíorshaol. Cuimhnigh gur cuma cad a deir tú, cad a phostálann tú nó cén bharúil a thugann tú ar líne, bíonn fíordhuine ag an taobh eile i gcónaí.