Mo chearta ar líne
Tá ról tábhachtach ag Coimisiún na Meán maidir le do chearta a chosaint ar líne. Tá cearta daonna agus cearta leanaí chomh tábhachtach céanna ar líne agus atá siad sa ‘saol réadúil’. B’fhéidir, san am atá caite, gur thuairiscigh tú sárú ar chearta nó ar ábhar díobhálach ar líne, ach nár tharla aon rud agus nach raibh tú cinnte céard ba cheart a dhéanamh ina dhiaidh sin.
Creat Sábháilteachta Ar Líne
A bhuí len Creat Sábháilteachta Ar Líne an Choimisiúin, tá rialacha ann anois chun a chinntiú go gcosnaítear leanaí agus daoine fásta ar ábhar díobhálach nó mídhleathach ar líne. De réir an dlí, ní mór d’ardáin na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- É a dhéanamh éasca ábhar díobhálach agus mídhleathach a thuairisciú ar líne
- Tú a cheadú achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh mura bhfuil tú sásta leis an toradh
- Gnéithe sábháilteachta do leanaí agus do dhaoine óga a chur chun cinn m.sh. rialuithe tuismitheoirí
Mura bhfuil na rudaí seo i bhfeidhm ag ardán, is féidir leat tuairisc a thabhairt don Choimisiún.
Féach ar fhíseán gearr an Choimisiúin chun a fháil amach céard iad na cearta nua atá ag leanaí agus ag daoine fásta faoin gcreat seo.
Baineann roinnt cearta go háirithe leis an spás ar líne. Ní mór d’ardáin bearta a dhéanamh chun a chinntiú go gcosnaítear na cearta sin go háirithe.
An ceart chun saoirse tuairimí a nochtadh
Cé go gcaithfimid a bheith aireach faoin méid a deirimid ar líne agus gan díobháil a dhéanamh do dhaoine eile, tá saoirse tuairimí a nochtadh agus éisteacht le guthanna éagsúla riachtanach i ndaonlathas. Tá an ceart agat chun saoirse tuairimí a nochtadh agus má thógann ardán rialaithe do phostáil nó d’fhíseán anuas agus mura míníonn sé cén fáth, níl sé seo ceart go leor. Má tharlaíonn sé seo, tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh ar chinneadh an ardáin. Mura dtarlaíonn aon rud nó mura bhfaigheann tú freagra, is féidir leat tuairisc a thabhairt don Choimisiún.
An ceart a bheith cosanta ar dhíobháil
Tá sé de cheart agat a bheith sábháilte agus cosanta ar dhíobháil, agus áirítear leis sin sa spás ar líne. Ní fhágann sé seo go bhféadfadh sé nach bhfeicfeá rudaí nach n-aontaíonn tú leo riamh ar líne, nó a d’fhéadfadh cur isteach ort. Cuireann an Creat Sábháilteachta Ar Líne oibleagáid ar ardáin an riosca don phobal, agus go háirithe do leanaí, a bhaineann le hábhar díobhálach nó mídhleathach a fheiceáil ar líne a laghdú. Anois, ní mór d’ardáin mhóra áirithe measúnuithe riosca a dhéanamh dá seirbhís. Mar riail ghinearálta, ní mór d’ardáin ar líne a chinntiú go bhfuil siad níos trédhearcaí maidir leis an gcaoi a n-oibríonn algartaim. Ba cheart dóibh roghanna a thabhairt do chórais moltaí (fothaí ‘duitse’) agus ba cheart go mbeadh faisnéis acu maidir leis an gcaoi a n-oibríonn a n-algartaim ina dTéarmaí agus Coinníollacha.
An ceart chun faisnéise
Agus tú ag clárú le hardán nua a úsáideann daoine óga den chuid is mó, mar dhuine óg, tá sé de cheart agat faisnéis faoi Théarmaí agus Coinníollacha a fháil ar bhealaí a thuigeann tú. Ba cheart go mbeadh sé éasca teacht orthu seo agus ba cheart iad a bheith scríofa ar bhealach atá soiléir duit.
Cosaintí speisialta do leanaí
Cuireann na dlíthe atá mar chuid den Chreat Sábháilteachta Ar Líne tábhacht ar leith ar a chinntiú go gcosnaítear tusa, mar dhuine óg, ar ábhar díobhálach ar líne. Is léir a rá má fheiceann tú rud éigin uafásach nó mí-oiriúnach, go mbeidh sé feicthe agat i gcónaí agus d’fhéadfadh tionchar diúltach buan a bheith aige seo ort. Cuireann na rialacha seo oibleagáidí ar ardáin mhóra áirithe (a gceadaíonn a dtéarmaí seirbhíse d’úsáideoirí faoi 16 an tseirbhís a úsáid) a chinntiú go bhfuil rialuithe tuismitheoirí ar fáil ionas go mbeidh níos mó smachta ag tuismitheoirí ar a bhfeiceann a leanbh ar an ardán. Ní mór go mbeadh beartais shoiléire ag ardáin áirithe ar líne maidir le dearbhú aoise, chun a chinntiú nach bhfaigheann na daoine faoi 18 mbliana d’aois rochtain ar ábhar atá míchuí ó thaobh aoise de.
B’fhéidir go gceapann tú go bhfuil go leor de na meicníochtaí sábháilteachta seo ann cheana féin ar na hardáin éagsúla ar líne. Is é an difríocht atá ann anois go bhfuil siad ann de réir dlí agus nach mór d’ardáin iad a úsáid. Mura n-úsáideann, is féidir leat é seo a thuairisciú don Choimisiún agus déanfaidh foirne an Choimisiúin obair leantach leis na hardáin éagsúla, ag iarraidh faisnéise, tuairiscí agus féadfaidh siad a chinneadh fiú imscrúdú a dhéanamh má fhaigheann siad go bhfuil ardáin ag briseadh na rialacha seo. Fágann sé seo go léir go bhfuil ardáin cuntasach anois, agus oibríonn an Coimisiún chun a chinntiú go bhfuil an t-idirlíon ina áit níos fearr do gach duine.