Cad is ábhar díobhálach ann?

Is ábhar díobhálach é ábhar atá díobhálach, ach nach bhfuil mídhleathach. Leagtar amach inár gCód Sábháilteachta ar Líne sainmhínithe ar ábhar díobhálach.

D’fhéadfaí an méid seo a leanas a áireamh ar shamplaí d’ábhar díobhálach ar líne:

  • Foréigean tromchúiseach 
  • Ábhar féindochair nó a spreagann féinmharú
  • Dúshláin ar na meáin shóisialta a d’fhéadfadh a bheith contúirteach do do shláinte
  • Ábhar a chuireann cuma tharraingteach ar neamhoird itheacháin nó a chuireann chun cinn iad
  • Cibearbhulaíocht

Tá sé tábhachtach a mheabhrú, mar rialtóir meán na hÉireann, nach bhfuil sé de chumhacht againn ábhar a bhaint den idirlíon láithreach. Is é an ról atá againn a chinntiú go bhfuil na bearta sábháilteachta cearta i bhfeidhm ag na hardáin agus na craoltóirí ar líne a dhéanaimid a rialáil chun cosc a chur ar ábhar mídhleathach nó díobhálach a thaispeáint.

Ábhar díobhálach ar gach ardán

Tá oibleagáid dhlíthiúil ar ardáin faoin gCreat Sábháilteachta ar Líne rialacha a bheith acu maidir le hábhar inghlactha agus iad a áireamh ina dtéarmaí agus coinníollacha, nó ina rialacha pobail. Ní mór dóibh na rialacha sin a fhorfheidhmiú freisin. Cuireann siad go léir sásraí ar fáil d’úsáideoirí chun ábhar a mheasann siad a bheith ag sárú na rialacha a thuairisciú.

Cuireann roinnt ardáin meán sóisialta ar chumas úsáideoirí mífhaisnéis nó bréagaisnéis a thuairisciú. Mar sin féin, ní gá go mbeadh mífhaisnéis nó bréagaisnéis mídhleathach, mar sin ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí a bhaineann le hábhar mídhleathach maidir le bréagaisnéis nó mífhaisnéis ach amháin má tá an t-ábhar mídhleathach ar chúis éigin eile.

Tá sé de dhualgas ar ardáin mhóra na meán sóisialta measúnú a dhéanamh ar raon rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint lena seirbhísí. Áirítear leis sin rioscaí don dioscúrsa sibhialta agus do phróisis toghcháin, don tsláinte phoiblí nó don tslándáil phoiblí. Ní mór dóibh bearta a chur chun feidhme freisin chun na rioscaí sin a mhaolú. Cumhdófar leis an bpróiseas sin na rioscaí a bhaineann le cineálacha áirithe mífhaisnéise agus bréagaisnéise.

Tá sé de chúram ar an gCoimisiún Eorpach measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht na measúnuithe riosca agus na mbeart maolaithe, lena n-áirítear iad siúd a dhíríonn ar mhífhaisnéis agus ar bhréagaisnéis.

Níl sé d’údarás ag Coimisiún na Meán ná ag aon chomhlacht poiblí eile a éileamh go mbainfí anuas ábhar ar an mbonn amháin gur mífhaisnéis nó bréagaisnéis atá san ábhar.

Ábhar díobhálach ar ardáin comhroinnte físeán

Ceanglaítear ar ardáin comhroinnte físeán atá lonnaithe in Éirinn úsáideoirí a chosaint ar ábhar físe díobhálach, lena n-áirítear ábhar físe:

  • a d‘fhéadfadh dochar a dhéanamh d’fhorbairt fhisiciúil, mheabhrach nó mhorálta leanaí; nó 
  • ina bhfuil gríosú chun fuatha nó chun foréigin

Ceanglaítear orthu freisin úsáideoirí a chosaint ar theachtaireachtaí tráchtála closamhairc díobhálacha (fógraíocht físe), agus an méid seo a leanas á chinntiú:

  • is furasta fógraí físe a aithint;
  • ní úsáideann fógraí físe teicnící fothairseachúla;
  • ní dhéanann fógraí físe díobháil do dhínit an duine, ní chuimsíonn siad idirdhealú ná ní chuireann siad idirdhealú chun cinn, ní spreagann siad díobháil don tsláinte nó don tsábháilteacht, ná ní spreagann siad díobháil don chomhshaol;
  • ní fhógraíonn fógraí físe toitíní, táirgí eile tobac, toitíní leictreonacha agus coimeádáin athlíonta, cógais ar oideas nó táirgí íocshláinte;
  • níl fógraí físe le haghaidh alcóil dírithe ar leanaí, agus ní spreagann siad ól iomarcach alcóil; agus
  • ní dhéanann fógraí físe díobháil fhisiciúil, mheabhrach nó mhorálta do leanaí.

Ceanglaítear ar ardáin comhroinnte físeán córais tuairiscithe agus bratacha a bheith i bhfeidhm acu ionas gur féidir le húsáideoirí ábhar físe díobhálach den chineál sin a thuairisciú nó a mharcáil dóibh. Ní mór d’ardáin comhroinnte físeán úsáideoirí a chur ar an eolas freisin faoina bhfuil déanta acu nuair a bheidh ábhar físe tuairiscithe nó bratach curtha leis.

Ní mór d’ardáin comhroinnte físeán córais láimhseála gearán a chur ar fáil freisin ionas gur féidir le húsáideoirí gearán a dhéanamh leo faoin gcaoi ar chuir siad córais tuairiscithe agus bratacha chun feidhme.

Má tá imní ort faoi ábhar físe nó faoi fhógraíocht físe atá feicthe agat ar ardán comhroinnte físeán, ba cheart duit an t-ábhar a thuairisciú don ardán nó bratach a chur leis ar dtús.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár nIonad Teagmhála ar + 353 1 9637755ag [email protected] le faisnéis faoi ábhar físe díobhálach nó fógraíocht físe dhíobhálach. Is féidir linn an fhaisnéis sin a úsáid chun tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi a bhfuil ardáin comhroinnte físeán ag comhlíonadh a n-oibleagáidí faoin gCreat Sábháilteachta ar Líne.