Céard is ábhar mídhleathach ann?
Is éard is ábhar mídhleathach ann aon ábhar meán atá in aghaidh an dlí in Éirinn nó laistigh den AE. Glactar leis go ginearálta go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ar an bpobal, agus go háirithe ar leanaí, trí bheith ag féachaint ar ábhar den sórt sin.
Tá sé mar aidhm ag an gCreat Sábháilteachta ar Líne (OSF) a chinntiú go bhfuil bearta sábháilteachta i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí ardáin ar líne ionas nach bhfeicfidh an pobal (agus go háirithe leanaí agus daoine óga) an cineál seo ábhair.
D’fhéadfaí na nithe seo a leanas a áireamh ar shamplaí d’ábhar mídhleathach ar líne:
- Bagairtí (bagairtí inchreidte báis)
- Ciapadh (teachtaireachtaí nach bhfuil ag teastáil)
- Cumarsáid ghnéasach/gnéastéacsáil (íomhánna pearsanta daoine eile a roinnt gan a gcead)
- Duine éigin a spreagadh chun féinmharú a thriail
Tugtar breac-chuntas sa tábla thíos ar na dlíthe in Éirinn. Tabhair faoi deara nach liosta iomlán é seo, agus níor cheart an liosta seo a mheas mar chomhairle dlí.
Má tá an t-ábhar ar cheann de na nithe seo a leanas: | D’fhéadfadh sé a bheith mídhleathach faoi: |
---|---|
Bagairt inchreidte foréigin | Alt 5 den Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine, 1997 |
Cuid d’fheachtas maidir le ciapadh (amhail cibearbhulaíocht) | Alt 10 den Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine, 1997 |
Cumarsáid bhagrach nó thar a bheith maslach | Alt 4 den Acht um Chiapadh, Cumarsáid Dhíobhálach agus Cionta Gaolmhara, 2020 |
Bagairteach, ionsaitheach nó maslach agus is dócha go spreagfaidh sé fuath in aghaidh grúpa daoine mar gheall ar a gcine, a ndath, a náisiúntacht, a reiligiún, a mbunús eitneach nó náisiúnta, a mballraíocht den lucht siúil nó a gclaonadh gnéis | Alt 2 den Acht um Thoirmeasc ar Ghríosú chun Fuatha, 1989 |
Íomhá gan iarraidh de baill ghiniúna duine a chruthaíonn míshuaimhneas, eagla nó scanradh | Alt 45 (1) den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 2017 |
Iompar maslach de chineál gnéasach | Alt 45 (3) den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 2017 |
Íomhá gnéis roinnte gan toiliú | Alt 3 den Acht um Chiapadh, Cumarsáid Dhíobhálach agus Cionta Gaolmhara, 2020 |
Ábhar a spreagann duine chun iarracht a dhéanamh féinmharú nó faisnéis a chuideodh leo é sin a dhéanamh | Alt 2(2) den Acht um an Dlí Coiriúil (Féinmharú), 1993 |
Ábhar mí-úsáide gnéis leanaí nó fógra d’ábhar mí-úsáide gnéis leanaí | Alt 5(1) den Acht um Gháinneáil ar Leanaí & Pornagrafaíocht Leanaí, 1998 |
Ábhar a dhéanann gníomhaíocht sceimhlitheoireachta a spreagadh nó bagairt gníomh sceimhlitheoireachta a dhéanamh | Alt 6 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta), 2005 |
Tuilleadh eolais
Féach ar ár leathanach maidir leis an gCreat Sábháilteachta ar Líne chun tuilleadh eolais a fháil air sin agus ar na dlíthe éagsúla atá ann in Éirinn chun na meáin a rialáil.