An Creat Sábháilteachta ar Líne
Tá Creat Sábháilteachta Ar Líne na hÉireann comhdhéanta faoi láthair de thrí dhlí atá dírithe ar ardáin ar líne.
Is iad seo:
- An tAcht um Sheirbhísí Digiteacha (DSA),
- An tAcht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne, 2022 (OSMR) (atá mar bhonn lenár gCód Sábháilteachta ar Líne) agus
- Rialachán an AE maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta Ar Líne (TCOR
Is é aidhm an chreata seo an baol go nochtfaí daoine (go háirithe daoine óga) d’ábhar mídhleathach nó díobhálach ar líne a laghdú.
An tAcht um Sheirbhísí Digiteacha
Dlínse: Dlí an AE
Dírithe ar ISPanna (Soláthraithe Seirbhíse Idirghabhálacha) atá lonnaithe in Éirinn, lena n-áirítear VLOPanna agus VLOSEanna (ISPanna a bhfuil os cionn 45 milliún úsáideoir acu).
- VLOPanna atá lonnaithe in Éirinn: Apple, Google (YouTube, Google Play, Google Maps, Google Shopping), Shein, LinkedIn, Meta (Facebook, Instagram), Microsoft, Pinterest, TikTok, Temu agus X)
- VLOSEanna atá lonnaithe in Éirinn: Bing, Google
Cuspóir an dlí: Timpeallacht shábháilte, intuartha agus iontaofa ar líne a chinntiú, úsáideoirí a chosaint ar ábhar mídhleathach ar líne agus sábháilteacht níos fearr ar líne a sholáthar agus nuálaíocht a chur chun cinn ag an am céanna.
Pionós nó fíneáil: 6% den láimhdeachas domhanda bliantúil
An tAcht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne
Dlínse: dlí na hÉireann
Dírithe ar ardáin comhroinnte físeán atá lonnaithe in Éirinn.
- Facebook, Instagram, YouTube, Udemy, TikTok, LinkedIn, X, Pinterest, Tumblr, Reddit
Cuspóir an dlí: Leanaí agus an pobal a chosaint ar ábhar díobhálach agus mídhleathach.
Pionós nó fíneáil: €20 milliún nó 10% den láimhdeachas
Rialachán an AE maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne
Dlínse: Dlí an AE
Dírithe ar Sholáthraithe Seirbhísí Óstála (HSPanna) lonnaithe in Éirinn. Is iad HSPanna ná soláthraithe a stórálann faisnéis a cuireadh ar fáil dóibh (m.sh. ardáin meán sóisialta, seirbhísí néalríomhaireachta, seirbhísí óstála gréasáin).
Cuspóir an dlí: Cur in aghaidh scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta
Pionós nó fíneáil: 4% den láimhdeachas domhanda bliantúil
Oibleagáidí na n-ardán
Baineann cuid de na hoibleagáidí seo le gach ardán, cé nach mbaineann cuid acu ach leis na hardáin áirithe
Oibleagáidí | An tAcht um Sheirbhísí Digiteacha | An tAcht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne | Rialachán an AE maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne |
---|---|---|---|
Pointe teagmhála aonair curtha ar fáil | Tá | Tá | |
Tá na feidhmeanna tuairiscithe éasca teacht orthu agus so-úsáidte | Tá | Tá | |
Próiseas achomhairc má tá tú míshásta leis an gcinneadh maidir le modhnóireacht ábhair | Tá | Tá | |
Iniúchtaí seachtracha ar mhaolú riosca | Tá | ||
Cosc ar ábhar díobhálach agus mídhleathach ina dTéarmaí agus Coinníollacha | Tá | ||
Trédhearcacht maidir le halgartaim (rogha tugtha maidir leis an ábhar a thaispeántar duit) | Tá | ||
Gan aon fhógraí spriocdhírithe do leanaí | Tá | Tá | |
Comharthóirí iontaofa a thugann tús áite do thuairisciú | Tá | Is é an Garda Síochána an t-aon údarás in Éirinn ar féidir leo oibleagáid a chur ar ardán ábhar a bhaint anuas. | |
Tionscnaimh litearthachta sna meáin | Tá | Tá | |
Rogha maidir le socrú lasmuigh den chúirt | Tá | ||
Comhlacht ainmnithe ar féidir tuairisciú dó a chuirfidh faisnéis ar aghaidh chuig an rialtóir | Tá | ||
Téarmaí agus Coinníollacha atá sothuigthe | Tá | Tá | |
Fógraí (lena n-áirítear fógraí polaitiúla) atá lipéadaithe go soiléir | Tá | Tá |
Réamhchúraimí speisialta do leanaí
Baineann cuid de na hoibleagáidí seo le gach ardán, cé nach mbaineann cuid acu ach leis na hardáin áirithe
Réamhchúraimí do leanaí | An tAcht um Sheirbhísí Digiteacha | An tAcht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne | Rialachán an AE maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne |
---|---|---|---|
Níl aon fhógraí spriocdhírithe do leanaí (más eol) | Tá | Tá | |
Dearbhú aoise | Tá | Tá | |
Iniúchtaí seachtracha ar mhaolú riosca | Tá | Tá | |
Rialuithe tuismitheoirí | Tá | Tá | |
Ábhar mídhleathach srianta sna Téarmaí agus Coinníollacha | Tá | Tá | |
Ábhar mídhleathach agus díobhálach srianta sna téarmaí agus coinníollacha | Tá | Tá | |
Téarmaí agus Coinníollacha atá sothuigthe | Tá | ||
Tionscnaimh litearthachta sna meáin | Tá | Tá |